+Airteagal 37 Athbhreithniú
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
|
Airteagal 37 Athbhreithniú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1
|
1. Faoi 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm Rialacháin maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe a mholadh chun cur chuige comhsheasmhach agus ailíniú leis an Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a áirithiú.
|
|
Airteagal 37 2
|
2. Faoin 1 Iúil 2026, eiseoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le haistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas nó chucu, chomh maith leis an ngá atá le bearta sonracha chun na rioscaí sin a mhaolú, agus molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 37 3
|
3. Faoin 30 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.
Beidh na gnéithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
|
(a)
|
measúnú ar éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ar an méid atá an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
|
|
(b)
|
measúnú ar na réitigh theicneolaíocha chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ar an bhforbairt is déanaí ar réitigh atá slán ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibrithe chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus ar úsáid uirlisí anailíseacha DLT chun tionscnamh agus ceann scríbe na n-aistrithe i gcripteashócmhainní a shainaithint agus chun measúnú “bí eolach ar d’idirbheart” (KYT) a dhéanamh;
|
|
(c)
|
measúnú ar éifeachtacht agus oiriúnacht na dtairseach de minimis a bhaineann le haistrithe cistí, go háirithe maidir lena raon feidhme agus an tacar faisnéise a ghabhann le haistrithe, agus measúnú ar an ngá atá leis na tairsí sin a ísliú nó a bhaint;
|
|
(d)
|
measúnú ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le tairseacha de minimis a thabhairt isteach a bhaineann leis an tacar faisnéise a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar na rioscaí gaolmhara sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta;
|
|
(e)
|
anailís ar na treochtaí i dtaca leis an úsáid a bhainfear as seoltaí féinóstáilte chun aistrithe a dhéanamh gan baint a bheith ag tríú páirtí leo, in éineacht le measúnú ar na rioscaí gaolmhara sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus meastóireacht ar an ngá atá le bearta maolaithe breise agus éifeachtacht agus in-fhorfheidhmitheacht na mbeart sin, amhail na hoibleagáidí sonracha ar sholáthraithe tiachóg crua-earraí agus bogearraí agus teorannú, rialú nó toirmeasc ar aistrithe lena mbaineann seoltaí féinóstáilte.
|
Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin forbairtí nua i réimse chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe agus tuarascálacha ábhartha sa réimse sin arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag bunaitheoirí caighdeán, údaráis forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí faisnéise, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó foinsí iontaofa eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|