“9. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE, ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366 agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá bunaithe ar a gcríoch i bhfoirmeacha seachas brainse, agus a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ina gcríoch. Áiritheoidh an pointe teagmhála lárnach sin, thar ceann an eintitis atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus éascóidh sé an mhaoirseacht a dhéanfaidh maoirseoirí, lena n-áirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí arna iarraidh sin dóibh.”