|
+Airteagal 5 Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa |
Airteagal 5 Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasaAirteagal 5 Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “neamhchosaint”, sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
(2)
ciallaíonn “caillteanas” caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;
(3)
ciallaíonn “caillteanas ionchasach” nó “CI”, cóimheas, a bhaineann le saoráid aonair, an mhéid a cheaptar a chaillfear ar neamhchosaint i ngeall ar aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
mainneachtain fhéideartha oibleagáideora i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth na mainneachtana;
(b)
teagmhas caolúcháin féideartha i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth an teagmhais caolúcháin;
(4)
ciallaíonn “oibleagáid chreidmheasa” aon oibleagáid a eascraíonn as conradh creidmheasa, lena n-áirítear príomhshuim, ús fabhraithe agus táillí, atá dlite d’oibleagáideoir;
(5)
ciallaíonn “neamhchosaint creidmheasa” aon ítim laistigh den chlár comhardaithe nó aon ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil oibleagáid chreidmheasa mar thoradh uirthi nó a bhféadfadh oibleagáid chreidmheasa teacht aisti;
(6)
ciallaíonn “saoráid” nó “saoráid chreidmheasa” neamhchosaint creidmheasa a eascraíonn as conradh nó tacar conarthaí idir oibleagáideoir agus institiúid;
(7)
ciallaíonn “corrlach coimeádachais” forlíontán a ionchorpraítear i meastacháin ar pharaiméadar riosca chun cuntas a thabhairt ar an raon measta earráidí meastacháin a thagann ó easnaimh shainaitheanta i sonraí, modhanna, samhlacha agus athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise, agus ó earráid mheastacháin ghinearálta chomh maith leis sin;
(8)
ciallaíonn “coigeartú iomchuí” an tionchar ar mheastacháin riosca a eascraíonn as cur i bhfeidhm modheolaíochtaí laistigh den mheastachán ar pharaiméadair riosca chun na heasnaimh arna sainaithint sna sonraí agus sna modhanna meastacháin a cheartú, agus chun athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise a chur san áireamh a mhéid is féidir chun claontachtaí i meastacháin ar pharaiméadair riosca a sheachaint;
(9)
ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta, fiontar nó gnóthas a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 000 000 aici nó aige, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí uaidh;
(10)
ciallaíonn “gealltanas” aon socrú conarthach a thairgeann institiúid do chliant agus a nglacann an cliant sin leis, chun creidmheas a shíneadh, chun sócmhainní a cheannach nó chun ionadaithe creidmheasa a eisiúint; agus aon socrú mar sin a fhéadfaidh institiúid a chealú gan choinníoll tráth ar bith gan fógra a thabhairt don oibleagáideoir roimh ré nó aon socrú a fhéadfaidh institiúid a chealú i gcás ina dteipeann ar an oibleagáideoir na coinníollacha arna leagan amach i ndoiciméadacht na saoráide a chomhlíonadh, lena n-áirítear coinníollacha nach mór don oibleagáideoir a chomhlíonadh sula ndéantar aon tarraingt anuas tosaigh nó aon tarraingt anuas ina dhiaidh sin, mura rud é go gcomhlíonann na socruithe conarthacha na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a)
socruithe conarthacha nach bhfaigheann an institiúid aon táillí ná coimisiúin ina leith chun na socruithe conarthacha sin a bhunú nó a choinneáil ar bun;
(b)
socruithe conarthacha ina gceanglaítear ar an gcliant iarratas a dhéanamh ar an institiúid chun an íostarraingt tosaigh agus gach tarraingt anuas ina dhiaidh sin a dhéanamh faoi na socruithe conarthacha sin;
(c)
socruithe conarthacha ina bhfuil údarás iomlán ag an institiúid, gan beann ar na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméadacht an tsocraithe chonarthaigh a bheith á gcomhlíonadh ag an gcliant, ar chur i gcrích gach tarraingthe anuas;
(d)
leis na socruithe conarthacha, is féidir leis an institiúid measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an chliaint díreach roimh chinneadh a dhéanamh maidir le gach tarraingt anuas a fhorghníomhú agus tá nósanna imeachta inmheánacha curtha chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm ag an institiúid lena n-áirithítear go bhfuil an measúnú sin á dhéanamh sula ndéantar gach tarraingt anuas a fhorghníomhú;
(e)
socruithe conarthacha a thairgtear d’eintiteas corparáideach, lena n-áirítear FMB, a ndéantar dlúthfhaireachán air ar bhonn leanúnach;
(11)
ciallaíonn “gealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach” aon ghealltanas a gceadaítear don institiúid lena théarmaí an gealltanas sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi ghníomhartha dlíthiúla maidir le cosaint tomhaltóirí agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara, i gcás inarb infheidhme, tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré don oibleagáideoir, nó lena ndéantar foráil go héifeachtach maidir le cealú uathoibríoch de dheasca meath ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|