+Airteagal 126a Neamhchosaintí maidir le héadáil talún, forbairt agus tógáil
---+Airteagal 126a 1.
---+Airteagal 126a 2.
---+Airteagal 126a 3.
|
Airteagal 126a Neamhchosaintí maidir le héadáil talún, forbairt agus tógáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 126a 1.
|
Sannfar ualú riosca 150 % do neamhchosaint ADC.
|
|
Airteagal 126a 2.
|
D’fhéadfaí ualú riosca 100 % a shannadh do neamhchosaintí ADC ar réadmhaoin chónaithe, ar choinníoll go gcuireann an institiúid chun feidhme na caighdeáin iontaofa tionscanta agus faireacháin a chomhlíonann ceanglais a leagtar síos in Airteagail 74 agus 79 de Threoir 2013/36/AE agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
is cuid shuntasach d’fhoriomlán na gconarthaí iad conarthaí réamhdhíola nó réamhléasaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí, a bhfuil taisce shubstaintiúil airgid thirim, atá faoi réir forghéilleadh má fhoirceanntar é, íoctha ag an gceannaitheoir nó ag an tionónta dó, nó i gcás ina ndéantar an maoiniú a áirithiú ar bhealach coibhéiseach, nó conarthaí díolacháin nó léasa atá ceangailteach ó thaobh dlí, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar an íocaíocht i dtráthchodanna de réir mar a théann na hoibreacha foirgníochta chun cinn;
(b)
tá cothromas substaintiúil faoi riosca ag an oibleagáideoir, cothromas a léirítear mar mhéid iomchuí de chothromas atá curtha ag an oibleagáideoir le luach na réadmhaoine cónaithe tar éis í a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 126a 3.
|
Faoin 10 Iúil 2025 eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar na téarmaí taiscí substaintiúla airgid thirim, “maoiniú a áirithíodh ar bhealach coibhéiseach”, “cuid shuntasach d’fhoriomlán na gconarthaí” agus “méid iomchuí de chothromais atá curtha ag an oibleagáideoir”, agus sainiúlachtaí maidir le hinstitiúidí ag tabhairt iasachtaí do thithíocht phoiblí nó eintitis neamhbhrabúis ar fud an Aontais á gcur san áireamh, ar eintitis iad atá á rialáil le dlí agus atá ann chun críocha sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a thairiscint do thionóntaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|