+Airteagal 160 Dóchúlacht mainneachtana (PD)
---+Airteagal 160 1.
---+Airteagal 160 1a.
---+Airteagal 160 2.
---+Airteagal 160 3.
---+Airteagal 160 4.
---+Airteagal 160 6.
---+Airteagal 160 7.
|
Airteagal 160 Dóchúlacht mainneachtana (PD)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 160 1.
|
Maidir le neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (b), nó pointe (c)(i), (ii) nó (iii), chun neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, go háirithe chun críocha Airteagail 153 agus 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), ní bheidh luach PD a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná an luach seo a leanas: 0,05 %.
|
|
Airteagal 160 1a.
|
Maidir le neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (aa)(i) nó (ii), chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, ní bheidh luach PD a úsáidtear le haghaidh gach neamhchosanta mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná an luach seo a leanas: 0,03 %.
|
|
Airteagal 160 2.
|
I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na
►C9
neamhchosaintí ◄ sin de réir na modhanna seo mar a leanas:
(a)
i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;
(b)
i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;
(c)
institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh
►C9
neamhchosaintí ◄ corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.
|
|
Airteagal 160 3.
|
100 % an PD a bheidh ag oibleagáideoirí mainneachtana.
|
|
Airteagal 160 4.
|
Maidir le neamhchosaint atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe, féadfaidh institiúid a úsáideann a meastacháin LGD féin faoi Airteagal 143 le haghaidh na neamhchosanta atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe agus i gcás neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar sholáthraí na cosanta, féadfaidh sí an chosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint sa PD i gcomhréir le hAirteagal 183.
|
|
Airteagal 160 6.
|
I gcás riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, beidh PD cothrom le meastacháin caillteanais ionchasaigh na hinstitiúide ar an riosca caolúcháin. Institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 úsáid a bhaint as a meastacháin LGD féin le haghaidh neamhchosaintí ar chorparáidí agus ar féidir léi a meastacháin ar chaillteanas ionchasach le haghaidh riosca caolúcháin earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a measfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as na meastacháin PD a tháinig ón miondealú sin. Féadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint in PD i gcomhréir le Caibidil 4.
|
|
Airteagal 160 7.
|
Aon institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin LGD féin a úsáid le haghaidh riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, féadfaidh sí cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint trí bhíthin PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|