+Airteagal 233 Luacháil
---+Airteagal 233 1.
---+Airteagal 233 2.
---+Airteagal 233 3.
---+Airteagal 233 4.

Airteagal 233 Luacháil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 233 1.
Ar mhaithe le héifeachtaí na cosanta neamhchistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, is éard a bheidh i luach na cosanta neamhchistithe creidmheasa (G) an méid a bhfuil sé geallta ag soláthraí na cosanta a íoc i gcás ina mainníonn an t-iasachtaí nó nach n-íocann sé nó i gcás ina dtarlaíonn teagmhais chreidmheasa shonraithe eile.
Airteagal 233 2.

Más rud é nach n-áirítear mar theagmhas creidmheasa i ndíorthach creidmheasa athchóiriú na hoibleagáide foluití a bhaineann le príomhshuim, ús nó táillí a mhaitheamh nó a chur ar atráth as a dtig teagmhas caillteanais chreidmheasa, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás nach mó ná luach na ►C9  neamhchosanta ◄ an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, déanfaidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa arna ríomh faoi mhír 1 a laghdú 40 %;

(b) 

i gcás ar mó ná luach na ►C9  neamhchosanta ◄ an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, ní bheidh luach na cosanta creidmheasa níos airde ná 60 % de luach na ►C9  neamhchosanta ◄ .

Airteagal 233 3.

I gcás ina bhfuil an chosaint neamhchistithe creidmheasa ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra ina bhfuil an ►C9  neamhchosaint ◄ ainmnithe, laghdóidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa trí choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm mar a leanas:

image

nuair atá:

G*

=

méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith ►C9  riosca ◄ malairte eachtraí,

G*

=

méid ainmniúil na cosanta creidmheasa;

Hfx

=

an coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra ar bith idir an chosaint chreidmheasa agus an oibleagáid fholuiteach arna chinneadh i gcomhréir le mír 4.

I gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra ar bith i gceist tá Hfx cothrom le nialas.

Airteagal 233 4.
Bunóidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta le haghaidh neamhréir airgeadra ar bith ar thréimhse leachtaithe 10 lá gnó, ag glacadh leis go ndéantar athluacháil go laethúil, agus ríomhfaidh siad na coigeartuithe sin bunaithe ar an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta mar a leagtar amach in Airteagal 224. Déanfaidh institiúidí na coigeartuithe luaineachta a mhéadú ó scála i gcomhréir le hAirteagal 226.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas