+Airteagal 235a 1.

Airteagal 235a 1.

I gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

max{0, E – GA} · r + GA· g

i gcás inarb amhlaidh gur:

E

= luach na neamhchosanta arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 5. chun na críche sin, déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a ríomh trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as na SA-CCFanna nó IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b);

GA

= méid na cosanta creidmheasa arna ríomh choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) i gcomhréir le hAirteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo;

r

= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 3;

g

= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas