+Airteagal 235a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina bhfuil an neamhchosaint ráthaithe arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB agus ina bhfuil neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige IRB
---+Airteagal 235a 1.
---+Airteagal 235a 2.
---+Airteagal 235a 3.
---+Airteagal 235a 4.
---+Airteagal 235a 5.
|
Airteagal 235a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina bhfuil an neamhchosaint ráthaithe arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB agus ina bhfuil neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige IRB
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 235a 1.
|
I gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
max{0, E – GA} · r + GA· g
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
E
|
= luach na neamhchosanta arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 5. chun na críche sin, déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a ríomh trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as na SA-CCFanna nó IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b);
|
|
GA
|
= méid na cosanta creidmheasa arna ríomh choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) i gcomhréir le hAirteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo;
|
|
r
|
= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 3;
|
|
g
|
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2.
|
|
|
Airteagal 235a 2.
|
I gcás inar lú méid na cosanta creidmheasa (GA) ná luach na neamhchosanta (E), ní fhéadfaidh institiúidí an fhoirmle a shonraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil na codanna cosanta agus neamhchosanta den neamhchosaint ar chomhshinsearacht.
|
|
Airteagal 235a 3.
|
Féadfaidh institiúidí an láimhseáil fhabhrach a leagtar amach in Airteagal 114(4) agus (7) a leathnú chuig neamhchosaintí nó chuig codanna de neamhchosaintí arna ráthú ag an rialtas láir nó ag an mbanc ceannais amhail is dá mba neamhchosaintí díreacha iad na neamhchosaintí sin ar an rialtas láir nó ar an mbanc ceannais, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 114(4) nó (7), de réir mar is infheidhme, le haghaidh neamhchosaintí díreacha den sórt sin.
|
|
Airteagal 235a 4.
|
Nialas a bheidh i méid an chaillteanais ionchasaigh i gcás na coda cumhdaithe de luach na neamhchosanta.
|
|
Airteagal 235a 5.
|
I gcás aon chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta (E), úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach a chomhfhreagraíonn don neamhchosaint fholuiteach. I gcás an ríomha a leagtar amach in Airteagal 159, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ginearálta nó sonracha ar bith i leith riosca creidmheasa nó coigeartuithe luacha breise ar bith i gcomhréir le hAirteagal 34 a bhaineann le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide nó le laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an neamhchosaint seachas na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m), a shannadh don chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|