+Airteagal 236a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoi Chur Chuige IRB
---+Airteagal 236a 1.
---+Airteagal 236a 2.
---+Airteagal 236a 3.
---+Airteagal 236a 4.
---+Airteagal 236a 5.
|
Airteagal 236a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoi Chur Chuige IRB
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 236a 1.
|
I gcás aon neamhchosanta lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3, ach, gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid, cinnfidh an institiúid cuid chumhdaithe na neamhchosanta mar an luach is ísle de luach na neamhchosanta (E) agus luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa neamhchistithe (GA), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 235a(1). Ríomhfaidh an institiúid méid na neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méid an chaillteanais ionchasaigh i gcás na coda cumhdaithe de luach na neamhchosanta trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus na cinn a úsáidtear i gcás aon neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus féadfaidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach a úsáid, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 162.
|
|
Airteagal 236a 2.
|
I gcás institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm, ach gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid le haghaidh neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta, cinnfidh siad an LGD i gcomhréir le hAirteagal 161(1). I gcás neamhchosaintí fo-ordaithe agus cosaint creidmheasa neamhchistithe neamh-fho-ordaithe, is é a bheidh san LGD atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir leis an gcuid chumhdaithe de luach na neamhchosanta an LGD atá bainteach le héilimh shinsearacha agus féadfaidh na hinstitiúidí cuntas a thabhairt ar aon chosaint creidmheasa chistithe lena n-urraítear an chosaint creidmheasa neamhchistithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
|
|
Airteagal 236a 3.
|
I gcás institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm trína meastacháin féin ar LGD a úsáid le haghaidh neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta, ríomhfaidh siad an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint fholuiteach trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus na cinn a úsáidtear i gcás aon neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus úsáidfidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach a úsáid, arna ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 162.
|
|
Airteagal 236a 4.
|
Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta a úsáideann an modh dá bhforáiltear in Airteagal 153(5), úsáidfidh siad an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint a chomhfhreagraíonn do na cinn dá bhforáiltear in Airteagail 153(5) agus 158(6).
|
|
Airteagal 236a 5.
|
I gcás aon chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta (E), úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach a chomhfhreagraíonn don neamhchosaint fholuiteach. I gcás an ríomha a leagtar amach in Airteagal 159, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ginearálta nó sonracha ar bith i leith riosca creidmheasa nó coigeartuithe luacha breise ar bith arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34 a bhaineann le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide nó le laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an neamhchosaint seachas na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m), a shannadh don chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|