+Airteagal 383p Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
---+Airteagal 383p 1.
---+Airteagal 383p 2.
---+Airteagal 383p 3.
---+Airteagal 383p 4.

Airteagal 383p Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 383p 1.

Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí mar an gcéanna i gcás gach aibíochta (0,5  bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 1 agus is mar a leanas a bheidh siad:



Tábla 1

Uimhir bhuicéid

Cáilíocht creidmheasa

Earnáil

Ualú riosca

1

Uile

Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát

0,5  %

2

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3

Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118

0,5  %

3

Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí

1,0  %

4

Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn

5,0  %

5

Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht

3,0  %

6

Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin

3,0  %

7

Teicneolaíocht, teileachumarsáid

2,0  %

8

Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla

1,5  %

9

Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit

1,0  %

10

Céim cáilíochta creidmheasa 1

Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha

1,5  %

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3

2,5  %

11

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3

Earnáil eile

5,0  %

12

Innéacsanna cáilithe

1,5  %

13

Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil

Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118

2,0  %

14

Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí

4,0  %

15

Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn

12,0  %

16

Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht

7,0  %

17

Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin

8,5  %

18

Teicneolaíocht, teileachumarsáid

5,5  %

19

Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla

5,0  %

20

Earnáil eile

12,0  %

21

Innéacsanna cáilithe

5,0  %

I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6. Seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil;

Airteagal 383p 2.
Chun neamhchosaint ar riosca a shannadh d’earnáil, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh chun eisitheoirí a ghrúpáil de réir earnála. Ní dhéanfaidh institiúidí gach eisitheoir a shannadh ach do cheann amháin de na buicéid earnála a leagtar amach i dTábla 1. Neamhchosaintí ar riosca ó eisitheoir ar bith nach féidir le hinstitiúid a shannadh d’earnáil ar leith ar an gcaoi sin, déanfar na neamhchosaintí sin a shannadh do bhuicéad 11 nó buicéad 20 i dTábla 1, ag brath ar cháilíocht chreidmheasa an eisitheora.
Airteagal 383p 3.
Ní shannfaidh institiúidí ach neamhchosaintí a thagraíonn d’innéacsanna cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 383b(4) do bhuicéad 12 agus 21 i dTábla 1.
Airteagal 383p 4.
Úsáidfidh institiúidí cur chuige an trébhreathnaithe chun íogaireachtaí neamhchosanta a thagraíonn d’innéacs neamhcháilithe a chinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas