+55. Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta …

55. Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta …

Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, comhoibriú agus faisnéis a mhalartú leis na maoirseoirí AML/CFT ábhartha chun críche a measúnaithe, go háirithe, maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil forais réasúnacha ann chun a bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta á dhéanamh nó go ndearnadh iarracht a leithéid a dhéanamh, nó go bhfuil baol méadaithe ann ina leith i dtaca leis an institiúid sin. Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, faisnéis a iarraidh ó mhaoirseoirí ábhartha AML/CFT chun críche a measúnaithe i gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir 2014/65/AE11 .


11 Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/