+6.3 Measúnú oiriúnachta ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme
---+55. Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta …
---+56. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta nach bhfuil comhalta den chomhlacht bainistíochta nó …
---+57. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin don mhaoirseoir stuamachta, an fhaisnéis …
---+58. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT ar a dtionscnamh féin faisnéis a roinnt le maoirseoirí …
---+59. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs measúnuithe oiriúnachta a chur ar fáil gan aon …

6.3 Measúnú oiriúnachta ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar shealbhóirí príomhfheidhme

Maoirseoirí stuamachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
55. Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta …

Nuair a bhíonn measúnú nó athmheasúnú á dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, comhoibriú agus faisnéis a mhalartú leis na maoirseoirí AML/CFT ábhartha chun críche a measúnaithe, go háirithe, maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil forais réasúnacha ann chun a bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta á dhéanamh nó go ndearnadh iarracht a leithéid a dhéanamh, nó go bhfuil baol méadaithe ann ina leith i dtaca leis an institiúid sin. Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta, i gcás ina meastar gur gá sin, faisnéis a iarraidh ó mhaoirseoirí ábhartha AML/CFT chun críche a measúnaithe i gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir 2014/65/AE11 .


11 Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06).

56. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta nach bhfuil comhalta den chomhlacht bainistíochta nó …

I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta nach bhfuil comhalta den chomhlacht bainistíochta nó sealbhóir príomhfheidhme oiriúnach bunaithe ar na fíricí ábhartha i gcomhthéacs rioscaí nó teagmhais ML/TF, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta a t(h)átail agus cinntí a roinnt leis an maoirseoir ábhartha AML/CFT agus leis an aonad um fhaisnéis airgeadais.

Maoirseoirí AML/CFT

57. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin don mhaoirseoir stuamachta, an fhaisnéis …

Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin don mhaoirseoir stuamachta, an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil a roinnt chun eolas a sholáthar don mheasúnú agus don athmheasúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT faisnéis a lorg freisin ón aonad um fhaisnéis airgeadais mar chuid dá m(h)easúnú ar an iarratas, mura bhfuil a leithéid d’fhaisnéis ar fáil cheana féin don mhaoirseoir stuamachta nó murar lorg an maoirseoir stuamachta an fhaisnéis sin ón aonad um fhaisnéis airgeadais.

58. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT ar a dtionscnamh féin faisnéis a roinnt le maoirseoirí …

Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT ar a dtionscnamh féin faisnéis a roinnt le maoirseoirí stuamachta, ar faisnéis í a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú nó athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme i gcás ina dtagann fíricí nua nó fíricí nach raibh ar eolas roimhe sin chun solais a bhaineann le ML/TF.

59. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs measúnuithe oiriúnachta a chur ar fáil gan aon …

Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs measúnuithe oiriúnachta a chur ar fáil gan aon mhoill mhíchuí i bhfianaise na tréimhse ghearr dlí a bheidh ag an maoirseoir stuamachta le haghaidh measúnuithe den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/