|
+Treoirlíne 6: Fógraí faoi Airteagal 37(2) de PSD2 |
Treoirlíne 6: Fógraí faoi Airteagal 37(2) de PSD26.1. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh gur cheart don eisitheoir an fógra faoi Airteagal 37(2) de PSD2 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil úsáideoirí na hionstraime íocaíochta suite agus ina sáraítear an tairseach a leagtar amach in Airteagal 37(2) de PSD2 i mBallstát ar leith. 6.2. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh gur cheart don eisitheoir an fógra faoi Airteagal 37(2) de PSD2 a thíolacadh ar feadh aon tréimhse ar leith is giorra ná 12 mhí nuair a sháraíonn luach iomlán na n ‐ idirbheart íocaíochta EUR 1 milliún sa tréimhse sin. 6.3. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh gur cheart go mbeadh faisnéis san fhógra faoi Airteagal 37(2) de PSD2 faoin gcineál eisiaimh faoina ndéantar an ghníomhaíocht agus tuairisc ar an ngníomhaíocht. 6.4. Ba cheart go mbeadh faisnéis sa tuairisc ar an ngníomhaíocht dá dtagraítear i dTreoirlíne 6.3:
6.5. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh nach bhfuil an fógra faoi Airteagal 37(2) de PSD2 le tíolacadh ach uair amháin. Ba cheart fógra nua breise a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nuair a bheidh aon athrú suntasach tagtha ar aon fhaisnéis a bhaineann leis an ionstraim íocaíochta sonrach céanna nó leis na hionstraimí íocaíochta sonracha céanna a soláthraíodh leis an bhfógra tosaigh. 6.6. Ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh gur féidir na nithe seo a leanas a áireamh sna hathruithe suntasacha dá dtagraítear i dTreoirlíne 6.5, ach gan a bheith teoranta dóibh:
6.7. Ar aon chuma, féadfaidh údaráis inniúla iarraidh ar eisitheoirí fógra nua a thíolacadh ina mbeidh faisnéis nuashonraithe má mheasann siad go bhfuil gá leis sin chun a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis a chuir an t ‐ eisitheoir ar fáil leis an bhfógra tosaigh. 6.8. Ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh go bhfuil ríomh na tairsí faoi Airteagal 37(2) de PSD2 le déanamh ar leibhéal gach eisitheora. I gcás ina soláthraíonn eisitheoir aonair seirbhísí atá bunaithe ar níos mó ná ionstraim íocaíochta shonrach amháin faoi Airteagal 3(k)(i) agus/nó (ii) de PSD2, ba cheart an tairseach a ríomh trí na hidirbhearta íocaíochta go léir a dhéanfar sna Ballstáit faoi seach a chomhcheangal leis na hionstraimí íocaíochta sonracha uile atá á dtairiscint ag an eisitheoir céanna. 6.9. Níor cheart d’údaráis inniúla an t ‐ eisitheoir a áireamh ina gclár náisiúnta faoi Airteagal 14 de PSD2 agus i gclár lárnach an ÚBE faoi Airteagal 15 de PSD2 ach uair amháin agus ba cheart go léireoidís go beacht tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh le gach ionstraim íocaíochta ar leith faoi Airteagal 3(k)(i) agus/nó (ii) de PSD2. Ba cheart go n ‐ áireodh údaráis inniúla freisin sa tuairisc ar ghníomhaíochtaí sna cláir an fhaisnéis faoi Bhallstáit eile ina soláthraíonn an t ‐eisitheoir céanna seirbhísí faoi Airteagal 3(k)(i) agus/nó (ii) de PSD2. 6.10. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gceadaíonn an fhaisnéis arna soláthar ag eisitheoir leis an bhfógra faoi Airteagal 37(2) de PSD2 dóibh a mheasúnú an dtagann an ghníomhaíocht faoi raon feidhme Airteagal 3(k)(i) agus/nó (ii) de PSD2 nó an mbeidh údarú de dhíth air mar sholáthraí seirbhíse íocaíochta nó mar eisitheoir airgid leictreonach. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil leis an bhfógra neamhiomlán, doiléir nó débhríoch, ba cheart don údarás inniúil faisnéis bhreise nó soiléiriú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh cheana a iarraidh ar an eisitheoir chun an cinneadh a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|