+41. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe …

41. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe …

Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe:

  • (a) Cineál agus leibhéal na neamhchosanta IRRBB a thuiscint. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil treoir shoiléir ann maidir le hinghlacthacht riosca do IRRBB i ndáil le straitéisí gnó na hinstitiúide.
  • (b) A áirithiú go ndéantar na gníomhaíochtaí cuí chun IRRBB a shainaithint, a thomhas, a fhaire agus a rialú, comhsheasmhach leis na straitéisí agus beartais atá formheasta. Chuige sin, tá an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí freagrach as an méid seo a leanas a shonrú:
  • i. teorainneacha cuí maidir le IRRBB, lena n-áirítear nósanna imeachta agus formheasanna sonracha a mhíniú atá riachtanach le haghaidh eisceachtaí, agus a áirithiú go bhfuil na teorainneacha sin á gcomhlíonadh;
  • ii. córais agus caighdeáin chun IRRBB a thomhas, suíomhanna a luacháil agus a feidhmíocht a mheas, lena n-áirítear nósanna imeachta chun turraingí, paraiméadair agus cásanna struis ráta úis a nuashonrú agus príomhthoimhdí bunúsacha atá mar bhonn le hanailís IRRBB na hinstitiúide;
  • iii. próiseas cuimsitheach chun IRBB a thuairisciú agus a athbhreithniú; agus
  • iv. rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus córais faisnéis bainistíochta (MISanna).
  • (c) Mórthionscnaimh fálaithe nó glactha rioscaí a fhormheas roimh iad a chur chun feidhme. Ba cheart suíomhanna a bhaineann le haistrithe riosca inmheánacha idir an leabhar neamhthrádála agus an leabhar trádála a dhoiciméadú go cuí.
  • (d) Maoirseacht a dhéanamh ar fhormheas, cur chun feidhme agus athbhreithniú bheartais, nósanna imeachta agus teorainneacha bainistíochta IRRBB. Na cheart leibhéal agus athruithe ar neamhchosaint IRRBB na hinstitiúide a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta go rialta (gach ráithe ar a laghad).
  • (e) Ba cheart a áirithiú go bhfuil bailíochtú mhodhanna tomhais IRRBB agus measúnú an riosca chomhfhreagraigh de bharr samhaltaithe san áireamh i bpróiseas beartais fhoirmiúil ar cheart don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí é a athbhreithniú agus a fhormheas.
  • (f) Tuiscint agus measúnú ar fheidhmiú a thoscairí i ndáil le faireachán agus rialú IRRBB, comhsheasmhach le beartais atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, bunaithe ar athbhreithnithe rialta ar fhaisnéis thráthúil atá sách mionsonraithe.
  • (g) Impleachtaí straitéisí IRRBB na hinstitiúide a thuiscint agus na naisc a d'fhéadfadh a bheith acu le riosca margaidh, leachtachta, creidmheas agus oibriúcháin ach gan a cheangal gur saineolaithe sa réimse iad baill uile an chomhlachta bainistíochta. Ba cheart go mbeadh dóthain eolais theicniúil ag roinnt ball chun tuarascálacha a chuirtear faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta a cheistiú agus a ndúshlán a thabhairt. Ba cheart don institiúid a shoiléiriú go bhfuil baill an chomhlachta bainistíochta freagrach as a áirithiú go bhfuil an fhoireann bhainistíochta shinsearach in ann IRRBB a thuiscint agus go bhfuil dóthain acmhainní curtha ar fáil d'fhoireann bhainistíochta IRRBB.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/