+1. Sampla d’institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta atá le cur san áireamh sa chleachtadh tagarmharcála éagsúlachta
---+12. Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta a bhailiú agus a chur faoi …
---+13. Ba cheart go gcuimseofaí sa sampla institiúidí atá faoi réir Threoir 2013/36/AE agus gnólachtaí …
---+14. Déanfaidh ÚBE teagmháil le húdaráis inniúla in am trátha roimh gach cleachtadh bailithe sonraí …
---+15. Ba cheart d’údaráis inniúla institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta ar cuid den sampla iad a …

1. Sampla d’institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta atá le cur san áireamh sa chleachtadh tagarmharcála éagsúlachta

1. Sampla d’institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta atá le cur san áireamh sa chleachtadh tagarmharcála éagsúlachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
12. Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta a bhailiú agus a chur faoi …

Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta a bhailiú agus a chur faoi bhráid ÚBE, lena n-áirítear sonraí maidir le beartais éagsúlachta agus an bhearna phá idir na hinscní ar leibhéal an chomhlachta bainistíochta le haghaidh sampla ionadaíoch d’institiúidí infheistíochta laistigh den Bhallstát ar bhonn aonair mar a shonraítear sna hiarscríbhinní a fhoilsítear go leithleach.

13. Ba cheart go gcuimseofaí sa sampla institiúidí atá faoi réir Threoir 2013/36/AE agus gnólachtaí …

Ba cheart go gcuimseofaí sa sampla institiúidí atá faoi réir Threoir 2013/36/AE agus gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir na gceanglas maidir le rialachas faoi Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE, de réir Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033 (Aicme 1), nó faoi réir Airteagal 26 de Threoir (AE) 2019/2034 (Aicme 2). D’fhéadfaí ní ba mhó ná institiúid nó gnólacht infheistíochta amháin laistigh de ghrúpa a chur san áireamh, go háirithe nuair atá siad lonnaithe i mBallstáit dhifriúla. Níor cheart d’údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a chur leis an sampla sa chás go bhfuil údarú tugtha acu don ghnólacht infheistíochta atá á bhainistiú ag duine nádúrtha aonair faoi Airteagal 9(6) de Threoir 2014/65/AE.

14. Déanfaidh ÚBE teagmháil le húdaráis inniúla in am trátha roimh gach cleachtadh bailithe sonraí …

Déanfaidh ÚBE teagmháil le húdaráis inniúla in am trátha roimh gach cleachtadh bailithe sonraí agus cuirfidh sé tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le conas cinneadh a dhéanamh faoin sampla d’institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta ónar cheart sonraí a bhailiú. I ndiaidh an iarrata, ba cheart d’údaráis inniúla eolas a chur ar fáil do ÚBE maidir leis an liosta institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta atá beartaithe acu a chur san áireamh i gcleachtadh tagarmharcála na gcleachtas éagsúlachta, laistigh den amlíne curtha ar fáil ag ÚBE.

15. Ba cheart d’údaráis inniúla institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta ar cuid den sampla iad a …

Ba cheart d’údaráis inniúla institiúidí agus gnólachtaí infheistíochta ar cuid den sampla iad a chur ar an eolas go tráthúil sula mbailítear na sonraí, agus trí mhí ar a laghad sula n-iarrtar sonraí a chur isteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/