+6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach
---+25. Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin …
---+26. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis …
---+27. Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don …
---+28. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart …
---+29. Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. …
---+30. Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach …

6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach

6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
25. Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin …

Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin gcatagóir seo. Ba cheart sonraí faoi POFanna ionaid nó Leas-POFannna a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí feidhmiúcháin”. Sa chás nach bhfuil ról mar POF ag aon stiúrthóir feidhmiúcháin, ba cheart na sonraí ar fad maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí feidhmiúcháin”.

26. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis …

Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis maidir leis an méid seo a leanas a chur ar fáil sna sonraí seo:

  • a. na baill den chomhlacht bainistíochta a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin acu agus atá freagrach as treo éifeachtach na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta;
  • b. na daoine a threoraíonn go héifeachtach an gnó de réir Airteagal 13(1) de Threoir 2013/36/AE, i gcás institiúide, nó de réir 9(6) de Threoir 2014/65/AE, i gcás gnólachta infheistíochta, gan beann ar cibé acu an baill iad nó nach baill iad den fheidhm bhainistíochta nó riaracháin a ceapadh de réir an dlí cuideachtaí náisiúnta.
27. Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don …

Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don chathaoirleach a thuairisciú faoin gcatagóir seo má tá baint ag an gcathaoirleach le feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta; níor cheart cathaoirligh ionaid nó leaschathaoirligh a thuairisciú ach faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin”. Sa chás nach bhfuil ról mar chathaoirleach ag aon stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin, ba cheart na sonraí ar fad a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin”. Níor cheart cathaoirleach de chomhlacht bainistíochta ag a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin freisin a thuairisciú ach faoin gcatagóir dar teideal stiúrthóirí feidhmiúcháin.

28. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart …

Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart faisnéis ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas a chur san áireamh sna sonraí seo:

  • a. baill den chomhlacht bainistíochta atá freagrach as maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar chinnteoireacht na foirne bainistíochta gan dualgais feidhmiúcháin a bheith acu;
  • b. más infheidhme, ionadaithe fostaithe ar baill den chomhlacht bainistíochta iad.
29. Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. …

Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. Don chleachtadh seo, glactar le gach inscne nach ionann í agus fear nó bean mar an tríú catagóir d’inscní, catagóir ar a dtugtar neamh-dhénártha.

30. Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach …

Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach, níor cheart an fhaisnéis faoin stiúrthóir sin a chur ar fáil ach faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóir feidhmiúcháin”, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bearna pá idir na hinscní a ríomh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/