+4.2 Cead tástála simplithe caipitil grúpa
---+12. Níor cheart cosc a chur ar údarás inniúil a mheas go bhfuil grúpa gnólachtaí infheistíochta …
---+13. Níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla Codanna 4.3 agus 4.4 a chur i bhfeidhm chun measúnú …
|
4.2 Cead tástála simplithe caipitil grúpa
4.2 Cead tástála simplithe caipitil grúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
12. Níor cheart cosc a chur ar údarás inniúil a mheas go bhfuil grúpa gnólachtaí infheistíochta …
|
Níor cheart cosc a chur ar údarás inniúil a mheas go bhfuil grúpa gnólachtaí infheistíochta sách simplí agus gan rioscaí suntasacha a bheith ag baint leis do chliaint ná don mhargadh, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas: - (a) nach ann ach máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó máthairghnólacht infheistíochta de chuid an Aontais atá beag agus neamh-idirnasctha de réir Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, de chuid gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán sin agus de ghnóthais seirbhísí coimhdeacha;
- (b) go bhfuil socruithe eagraíochtúla sásúla agus feidhmeanna rialaithe riosca leordhóthanacha curtha i bhfeidhm aige atá comhréireach le méid agus le samhail ghnó an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta;
- (c) go bhfuil tromlach de chearta vótála gach gnóthais ghrúpa faoi úinéireacht gnóthais grúpa eile;
- (d) go bhfuil a naisc chaipitiúla, a struchtúr úinéireachta agus na comhaontuithe conarthacha idir an mháthairghnólacht infheistíochta de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais, agus gnóthais an ghrúpa, mar aon leo siúd i measc ghnóthais an ghrúpa, ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin;
- (e) nach bac iad a naisc chaipitiúla, a struchtúr úinéireachta ná na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear i bpointe (d) ar fheidhmiú rialaithe ag an máthairchuideachta infheistíochta de chuid an Aontais, ag an máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta de chuid an Aontais nó ag an máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais ar ghnóthais an ghrúpa;
- (f) nach gá maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite ar impleachtaí na nasc caipitiúil do rialachas an ghrúpa ina iomláine ar an struchtúr úinéireachta agus ar na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear i bpointe (d);
- (g) go bhfuil na ceanglais cistí dílse a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 fós sách gar do na ceanglais cistí dílse a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin, ag céatadán táscach níos mó ná 85 % de sin.
|
|
13. Níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla Codanna 4.3 agus 4.4 a chur i bhfeidhm chun measúnú …
|
Níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla Codanna 4.3 agus 4.4 a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar cheart cead chun tástáil caipitil grúpa a thabhairt do ghrúpa gnólachta infheistíochta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den mhír roimhe seo, i gcás nach gcomhlíonann an grúpa sin ceann amháin ná níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) go (g) den mhír roimhe seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|