+78. I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó …
|
78. I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó …
I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó chomhchoiteann chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta, ba cheart don údarás inniúil, agus na bearta atá déanta cheana ag eisitheoir ARTanna nó ag CASP á gcur san áireamh, bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shainaitheanta agus amlíne a leagan síos chun na bearta sin a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin, de réir mar is iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas: - a. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP oiliúint shonrach a eagrú do chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina n-aonar nó i dteannta a chéile;
- b. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP roinnt na gcúraimí i measc chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a athrú;
- c. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP diúltú don chomhalta beartaithe nó comhaltaí eile a chur in ionad comhaltaí áirithe;
- d. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta a athrú chun oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta a áirithiú;
- e. an comhalta a bhaint de chomhlacht bainistíochta an eisitheora ARTanna nó de CASP;
- f. i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur (e.g. oibleagáidí, moltaí nó coinníollacha sonracha a leagan amach), lena n-áirítear an t-údarú a tharraingt siar ar deireadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|