+C.6. Cinneadh an údaráis inniúil
---+75. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú ar oiriúnacht aonair agus …
---+76. I gcás ina mbainfear de thátal as toradh an mheasúnaithe ar oiriúnacht arna dhéanamh ag an …
---+77. I gcás nach gcuireann eisitheoir ARTanna nó CASP faisnéis leordhóthanach ar fáil don údarás …
---+78. I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó …
|
C.6. Cinneadh an údaráis inniúil
C.6. Cinneadh an údaráis inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
75. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú ar oiriúnacht aonair agus …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú ar oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta laistigh den uastréimhse dá dtagraítear i mír 67 nó, más rud é gur cuireadh an tréimhse ar fionraí dá dtagraítear i mír 68, laistigh den uastréimhse sé mhí.
|
|
76. I gcás ina mbainfear de thátal as toradh an mheasúnaithe ar oiriúnacht arna dhéanamh ag an …
|
I gcás ina mbainfear de thátal as toradh an mheasúnaithe ar oiriúnacht arna dhéanamh ag an údarás inniúil nach bhfuil sé cruthaithe go leordhóthanach go bhfuil an duine a ndearnadh measúnú air nó uirthi oiriúnach, lena n-áirítear i gcásanna nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear chun an measúnú a thabhairt chun críche, ba cheart don údarás inniúil agóid a dhéanamh i gcoinne cheapadh an duine sin nó gan é a fhormheas, mura rud é go bhfuil na heasnaimh a sainaithníodh inleigheasta agus gur féidir iad a shárú trí bhearta eile arna ndéanamh ag eisitheoir ARTanna nó ag CASP.
|
|
77. I gcás nach gcuireann eisitheoir ARTanna nó CASP faisnéis leordhóthanach ar fáil don údarás …
|
I gcás nach gcuireann eisitheoir ARTanna nó CASP faisnéis leordhóthanach ar fáil don údarás inniúil maidir le hoiriúnacht duine aonair a ndearnadh measúnú air nó uirthi, ba cheart don údarás inniúil an gnólacht a chur ar an eolas nach féidir leis an gcomhalta a bheith ina chomhalta den chomhlacht bainistíochta toisc nár cruthaíodh go leordhóthanach go bhfuil an duine oiriúnach nó gur chinn sé go diúltach.
|
|
78. I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó …
|
I gcás ina sainaithnítear easnaimh maidir le heolas, scileanna nó taithí aonair nó chomhchoiteann chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta, ba cheart don údarás inniúil, agus na bearta atá déanta cheana ag eisitheoir ARTanna nó ag CASP á gcur san áireamh, bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shainaitheanta agus amlíne a leagan síos chun na bearta sin a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin, de réir mar is iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas: - a. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP oiliúint shonrach a eagrú do chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta ina n-aonar nó i dteannta a chéile;
- b. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP roinnt na gcúraimí i measc chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a athrú;
- c. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP diúltú don chomhalta beartaithe nó comhaltaí eile a chur in ionad comhaltaí áirithe;
- d. ceangal a chur ar eisitheoir ARTanna nó ar CASP comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta a athrú chun oiriúnacht aonair agus chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta a áirithiú;
- e. an comhalta a bhaint de chomhlacht bainistíochta an eisitheora ARTanna nó de CASP;
- f. i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur (e.g. oibleagáidí, moltaí nó coinníollacha sonracha a leagan amach), lena n-áirítear an t-údarú a tharraingt siar ar deireadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|