+28. I gcás contrapháirtithe móra corparáideacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(4) de …

28. I gcás contrapháirtithe móra corparáideacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(4) de …

I gcás contrapháirtithe móra corparáideacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(4) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar na pointí sonraí seo a leanas a bhailiú nó a fháil, i gcás inarb infheidhme:

  • a. Maidir le rioscaí comhshaoil:
  • i. suíomh geografach na bpríomhshócmhainní (e.g. láithreáin táirgthe) agus nochtadh do ghuaiseacha comhshaoil (e.g. guaiseacha a bhaineann le teocht, guaiseacha a bhaineann leis an ngaoth, guaiseacha a bhaineann le huisce, guaiseacha a bhaineann le mais sholadach) ar an leibhéal gráinneachta is gá le haghaidh anailís riosca fhisiciúil iomchuí, agus infhaighteacht árachais;
  • ii. astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) atá ann faoi láthair agus, má tá siad ar fáil, de raon 1, 2 agus 3 atá spriocdhírithe i ndearbhluach agus, i gcás inarb ábhartha, i luach déine;
  • iii. spleáchas ar bhreoslaí iontaise, i dtéarmaí ionchur ó fhachtóirí eacnamaíocha nó i dtéarmaí boinn ioncaim;
  • iv. éileamh agus/nó tomhaltas fuinnimh agus uisce, i dtéarmaí ionchuir ó fhachtóirí eacnamaíocha nó i dtéarmaí boinn ioncaim;
  • v. leibhéal na héifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh neamhchosaintí ar eastát réadach agus cumas seirbhísithe fiachais an chontrapháirtí;
  • vi. na héifeachtaí airgeadais reatha agus réamh-mheasta a bhaineann le rioscaí agus deiseanna comhshaoil ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an chontrapháirtí;
  • vii. pleananna straitéiseacha a bhaineann le haistriú, lena n áirítear plean aistrithe le haghaidh maolú ar an athrú aeráide arna nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 19a nó le ‑ hAirteagal 29a de Threoir (AE) 2022/2464, nuair atá siad ar fáil;
  • b. Maidir le rioscaí sóisialta agus rialachais:
  • i. ailíniú le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair;
  • ii. tionchair ábhartha dhiúltacha ar oibrithe dílse, ar oibrithe sa slabhra luacha, ar phobail lena mbaineann agus ar thomhaltóirí/úsáideoirí deiridh lena n áirítear faisnéis faoi iarrachtaí nó próisis díchill chuí chun tionchair den sórt sin a sheachaint agus a leigheas. ‑

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/