+Eligible Instruments
---+11. Chun go gcomhlíonfaidh brainsí tríú tír an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta dá …
---+12. Ba cheart go mbeadh ceann - de na foirmeacha seo a leanas ar na hionstraimí dá dtagraítear i …
---+13. Chun críocha na n ionstraimí dá dtagraítear i mír 12, pointe c), ba cheart do bhrainsí tríú tír …
---+14. Ba cheart na hionstraimí dá dtagraítear i mír 12 a bheith liostaithe ar stocmhalartán …
---+15. Níor cheart do cheannghnóthas an bhrainse tríú tír, d’aon cheann dá fhochuideachtaí, ná …
---+16. Chun a chinneadh an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaice caipitil íosta dá dtagraítear …

Eligible Instruments

Eligible Instruments

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
11. Chun go gcomhlíonfaidh brainsí tríú tír an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta dá …

Chun go gcomhlíonfaidh brainsí tríú tír an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta dá dtagraítear in Airteagal 48e de Threoir 2013/36/AE, ba cheart ar a laghad míreanna 12 go 16 a chomhlíonadh i gcás na n ionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointe (c) den Airteagal sin.

12. Ba cheart go mbeadh ceann - de na foirmeacha seo a leanas ar na hionstraimí dá dtagraítear i …

Ba cheart go mbeadh ceann - de na foirmeacha seo a leanas ar na hionstraimí dá dtagraítear i

mír 11:

  • a) urrúis fiachais atá ráthaithe ag rialtas láir an Aontais nó ag bainc cheannais de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC);
  • b) urrúis fiachais atá eisithe nó ráthaithe ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla na mBallstát ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
  • c) urrúis fiachais atá eisithe nó ráthaithe ag rialtais láir, réigiúnacha nó áitiúla, nó ag bainc cheannais tríú tíortha a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus a gheobhadh ualú riosca 0 % faoin gcur chuige caighdeánaithe mar thoradh ar fheidhmiú Airteagail 114(7) agus 115(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
  • d) urrúis fiachais atá eisithe nó ráthaithe ag eintitis earnála poiblí a gheobhadh ualú riosca 0 % faoin gcur chuige caighdeánaithe mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 116(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
  • e) urrúis fiachais atá eisithe nó ráthaithe ag na bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe in Airteagal 117(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
  • f) urrúis fiachais atá eisithe nó ráthaithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta atá liostaithe in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
13. Chun críocha na n ionstraimí dá dtagraítear i mír 12, pointe c), ba cheart do bhrainsí tríú tír …

Chun críocha na n ionstraimí dá dtagraítear i mír 12, pointe c), ba cheart do bhrainsí tríú tír maoirseacht a dhéanamh ar airgeadra a gcuid maoinithe féin chun a chinneadh an bhfuil na - sócmhainní dearlaice caipitil ainmnithe agus maoinithe san airgeadra intíre i gcomhréir le hAirteagal 114(7) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR), an chéad fhomhír den Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. TUARASCÁIL DEIRIDH AR THREOIRLÍNTE MAIDIR LE hUIRLISÍ ATÁ AR FÁIL DO BHRAINSÍ TRÍÚ TÍORTHA LENA nÚSÁID LÁITHREACH, GAN SRIAN CHUN RIOSCAÍ NÓ CAILLTEANAIS A CHUMHDACH FAOI AIRTEAGAL 48E(2)(C) DE THREOIR 2013/36/AE

14. Ba cheart na hionstraimí dá dtagraítear i mír 12 a bheith liostaithe ar stocmhalartán …

Ba cheart na hionstraimí dá dtagraítear i mír 12 a bheith liostaithe ar stocmhalartán aitheanta, agus ba cheart go mbeifí in ann luach airgid a bhaint astu go furasta agus ag am ar bith.

15. Níor cheart do cheannghnóthas an bhrainse tríú tír, d’aon cheann dá fhochuideachtaí, ná …

Níor cheart do cheannghnóthas an bhrainse tríú tír, d’aon cheann dá fhochuideachtaí, ná d’eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin a bhfuil dlúthnaisc ag ceannghnóthas an bhrainse tríú tír leis iad a eisiúint.

16. Chun a chinneadh an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaice caipitil íosta dá dtagraítear …

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaice caipitil íosta dá dtagraítear in Airteagal 48e(1) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart do bhrainsí tríú tír úsáid a bhaint as margadhluach na sócmhainní dearlaice caipitil. Ba cheart do bhrainsí tríú tír a bheith in ann margadhluach na n ionstraimí dá dtagraítear i mír 12 a chinneadh ar bhonn praghsanna margaidh a scaiptear go forleathan agus atá ar fáil go furasta, nó, in éagmais praghsanna mar - sin, ar bhonn foirmle atá éasca a ríomh a úsáideann ionchuir atá ar fáil go poiblí agus nach bhfuil ag brath go mór mór ar thoimhdí láidre.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/