+21. Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba …

21. Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba …

Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu measúnú a dhéanamh ar na heisiaimh uile a shainaithnítear in Airteagal 2, pointí (2) go (4) de Rialachán (AE) 2023/1114:

  • a. Airteagal 2(2): an bhfuil an t-eisitheoir nó an tairgeoir ina dhuine dá dtagraítear sa mhír sin? Níl feidhm ag MiCAR maidir le daoine a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí, dá bhfochuideachtaí féin nó d’fhochuideachtaí eile dá máthairchuideachtaí; leachtaitheoirí nó riarthóirí a ghníomhaíonn le linn nós imeachta dócmhainneachta (seachas chun críocha Airteagal 47 de MiCAR); BCE, bainc cheannais na mBallstát agus iad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát; an Banc Eorpach Infheistíochta agus a fhochuideachtaí; an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach; eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
  • b. Airteagal 2(3): an bhfuil an chripteashócmhainn uathúil agus nach bhfuil sí idirmhalartach le cripteashócmhainní eile?5 Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an chripteashócmhainn uathúil agus neamh-idirmhalartach, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil feidhm ag na Treoirlínte seo maidir leo aird a thabhairt ar Airteagal 2(3) agus aithris (11) de Rialachán (AE) 2023/1114 chomh maith leis na Treoirlínte maidir leis na coinníollacha agus na critéir chun cripteashócmhainní a cháiliú mar ionstraimí airgeadais.6
  • c. Airteagal 2(4): an gcáilíonn an chripteashócmhainn mar tháirge ábhartha a liostaítear sa mhír sin? Níl feidhm ag Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le hionstraimí airgeadais, taiscí, taiscí struchtúrtha, cistí (seachas comharthaí ríomh-airgid), suíomhanna urrúsúcháin (de réir Rialachán (AE) 2017/24027 ),táirgí árachais agus conarthaí athárachais (de réir Threoir 2009/138/CE), táirgí pinsin lena soláthraítear ioncam scoir go príomha, scéimeanna pinsin ghairme a aithnítear go hoifigiúil (de réir Threoracha (AE) 2016/23418 agus 2009/138/CE9 ), táirgí pinsin aonair sainordaithe ag fostóirí, Táirgí Pinsin Phearsanta uile-Eorpacha (de réir Rialachán (AE) 2019/123810 ), agus scéimeanna slándála sóisialta (de réir Rialacháin (CE) Uimh. 883/200411 agus (CE) Uimh. 987/200912 ).

5 D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, cripteashócmhainn neamh-idirmhalartach lena bhfianaítear ceart eisiach maoine i sócmhainn inláimhsithe shonrach in eastát réadach (amhail teach nó maoin tráchtála), nó sócmhainn dholáimhsithe amhail paitinn.

6 Nasc le cur isteach nuair a bheidh TL ESMA críochnaitheach (féach ESMA75-453128700-52 le haghaidh an pháipéir comhairliúcháin).

7 Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

8 Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

9 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

10 Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).

11 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

12 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/