+Tástáil chaighdeánaithe chun cripteashócmhainní a aicmiú
---+17. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a ndírítear na Treoirlínte seo orthu cur …
---+18. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a …
---+19. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a …
---+20. Má shásaítear an dá eilimint (léiriú digiteach ar luach agus/nó ar cheart, agus a aistrítear …
---+21. Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba …
---+22. Gan dochar d’aon ábhar ábhartha eile, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 13 de na …
---+23. Mura bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisiaimh dá dtagraítear i mír 22, ba cheart d’údaráis …
|
Tástáil chaighdeánaithe chun cripteashócmhainní a aicmiú
Tástáil chaighdeánaithe chun cripteashócmhainní a aicmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
17. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a ndírítear na Treoirlínte seo orthu cur …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a ndírítear na Treoirlínte seo orthu cur chuige comhchoiteann a chur i bhfeidhm chun aicmiú cripteashócmhainne a chinneadh ar bhonn cás ar chás agus tréithe uile an chomhartha atá i gceist á gcur san áireamh i gcomhréir leis an tsreabhchairt dá bhforáiltear in Iarscríbhinn C.
|
|
18. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a chinneadh an bhfuil léiriú digiteach ar luach nó ar cheart ann, arb iad sin na tréithe is gá a bhaineann le cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5) de Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart na téarmaí ‘luach’ agus ‘ceart’ a léirmhíniú go leathan i gcomhréir le haithris (2) den Rialachán sin. Ba cheart caitheamh le cripteashócmhainní nach bhfuil aon luach intreach acu, ach a bhfuil luach sannta dóibh ag an díoltóir/ceannaitheoir nó ag rannpháirtithe4 sa mhargadh, mar léirithe digiteacha ar luach.
4 Cuir i gcás comharthaí amhail Bitcoin agus ‘boinn mhéime’, mar a thugtar orthu, a thrádáiltear ar mhalartáin le praghsanna poiblí.
|
|
19. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a mheas freisin an féidir léiriú digiteach an luacha agus/nó an chirt a aistriú agus a stóráil go leictreonach trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) nó teicneolaíochtaí comhchosúla. Ní fhéadfar a mheas go bhfuil comhartha ‘neamh-inaistrithe’ ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad (i) nach nglacann ach an t-eisitheoir nó an tairgeoir leis an gcomhartha, agus (ii) nach bhfuil aon fhéidearthacht theicniúil ann go n-aistreoidh sealbhóir an comhartha chuig daoine seachas an t-eisitheoir nó an tairgeoir (aithris 17 de Rialachán (AE) 2023/1114). Chun a mheas an bhfuil teicneolaíocht cosúil le DLT, ba cheart tréithe feidhmiúla na teicneolaíochta sin a mheas, lena n-áirítear an bonn ar a gcoimeádtar na taifid (an mórleabhar), ar a gcomhroinntear iad agus ar an gcaoi a mbaintear comhthoil amach (i.e. feidhmiú aon sásra comhthola).
|
|
20. Má shásaítear an dá eilimint (léiriú digiteach ar luach agus/nó ar cheart, agus a aistrítear …
|
Má shásaítear an dá eilimint (léiriú digiteach ar luach agus/nó ar cheart, agus a aistrítear agus a stóráiltear go leictreonach trí DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil a úsáid) ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a mheas go bhfuil an comhartha comhoiriúnach le cripteashócmhainn chun críocha Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
21. Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba …
|
Chun a chinneadh an bhfuil an chripteashócmhainn faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu measúnú a dhéanamh ar na heisiaimh uile a shainaithnítear in Airteagal 2, pointí (2) go (4) de Rialachán (AE) 2023/1114: - a. Airteagal 2(2): an bhfuil an t-eisitheoir nó an tairgeoir ina dhuine dá dtagraítear sa mhír sin? Níl feidhm ag MiCAR maidir le daoine a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí, dá bhfochuideachtaí féin nó d’fhochuideachtaí eile dá máthairchuideachtaí; leachtaitheoirí nó riarthóirí a ghníomhaíonn le linn nós imeachta dócmhainneachta (seachas chun críocha Airteagal 47 de MiCAR); BCE, bainc cheannais na mBallstát agus iad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát; an Banc Eorpach Infheistíochta agus a fhochuideachtaí; an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach; eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
- b. Airteagal 2(3): an bhfuil an chripteashócmhainn uathúil agus nach bhfuil sí idirmhalartach le cripteashócmhainní eile?5 Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an chripteashócmhainn uathúil agus neamh-idirmhalartach, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil feidhm ag na Treoirlínte seo maidir leo aird a thabhairt ar Airteagal 2(3) agus aithris (11) de Rialachán (AE) 2023/1114 chomh maith leis na Treoirlínte maidir leis na coinníollacha agus na critéir chun cripteashócmhainní a cháiliú mar ionstraimí airgeadais.6
- c. Airteagal 2(4): an gcáilíonn an chripteashócmhainn mar tháirge ábhartha a liostaítear sa mhír sin? Níl feidhm ag Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le hionstraimí airgeadais, taiscí, taiscí struchtúrtha, cistí (seachas comharthaí ríomh-airgid), suíomhanna urrúsúcháin (de réir Rialachán (AE) 2017/24027 ),táirgí árachais agus conarthaí athárachais (de réir Threoir 2009/138/CE), táirgí pinsin lena soláthraítear ioncam scoir go príomha, scéimeanna pinsin ghairme a aithnítear go hoifigiúil (de réir Threoracha (AE) 2016/23418 agus 2009/138/CE9 ), táirgí pinsin aonair sainordaithe ag fostóirí, Táirgí Pinsin Phearsanta uile-Eorpacha (de réir Rialachán (AE) 2019/123810 ), agus scéimeanna slándála sóisialta (de réir Rialacháin (CE) Uimh. 883/200411 agus (CE) Uimh. 987/200912 ).
5 D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, cripteashócmhainn neamh-idirmhalartach lena bhfianaítear ceart eisiach maoine i sócmhainn inláimhsithe shonrach in eastát réadach (amhail teach nó maoin tráchtála), nó sócmhainn dholáimhsithe amhail paitinn. 6 Nasc le cur isteach nuair a bheidh TL ESMA críochnaitheach (féach ESMA75-453128700-52 le haghaidh an pháipéir comhairliúcháin). 7 Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35). 8 Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37). 9 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1). 10 Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1). 11 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1). 12 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
|
|
22. Gan dochar d’aon ábhar ábhartha eile, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 13 de na …
|
Gan dochar d’aon ábhar ábhartha eile, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 13 de na Treoirlínte seo a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an chripteashócmhainn ina: - a. hionstraim airgeadais, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu na Treoirlínte a d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chur i bhfeidhm;13
- b. taisce, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu tagairt a dhéanamh do Thuairim agus do Thuarascáil 2014 ón Údarás Baincéireachta Eorpach agus do Thuairim 2020 maidir le himlíne institiúidí creidmheasa, ina dtugtar tásca ar an gcoincheap ‘taisce’14 agus do Thuarascáil 2024 ó ÚBE maidir le taiscí struchtúrtha;15
- c. táirge árachais nó conradh árachais, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a bhfuil na Treoirlínte seo dírithe orthu a mheabhrú nach ann d’aon sainmhíniú sainráite ar árachas ar leibhéal an Aontais, mar ghníomhaíocht nó mar chonradh.16
13 Nasc le cur isteach nuair a bheidh TL ESMA críochnaitheach (féach ESMA75-453128700-52 le haghaidh an pháipéir comhairliúcháin). 14 Tuairim ÚBE 2014 agus Tuarascáil maidir le himlíne na n-institiúidí creidmheasa: https://www.eba.europa.eu/publications-and-media/press-releases/eba-publishes-opinion-perimeter-credit-institutions agus Tuairim ÚBE 2020: https://www.eba.europa.eu/sites/default/files/document_library/Publications/Opinions/2020/931784/EBA%20Opinion%2 0on%20elements%20of%20the%20definition%20of%20credit%20institution.pdf 15 Tuarascáil ÚBE 2024 maidir le taiscí struchtúrtha: https://www.eba.europa.eu/sites/default/files/2024-07/b807c1a8-6f1d-4c2b-b2a0-2cdcb7737282/Report%20on%20structured%20deposits.pdf 16 Final Report of the Commission Expert Group on European Insurance Contract Law [Tuarascáil Chríochnaitheach Shainghrúpa an Choimisiúin maidir le Dlí Eorpach na gConarthaí Árachais]. An Coimisiún Eorpach, 2014, lch. 38 ff.
|
|
23. Mura bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisiaimh dá dtagraítear i mír 22, ba cheart d’údaráis …
|
Mura bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisiaimh dá dtagraítear i mír 22, ba cheart d’údaráis inniúla agus do dhaoine eile a ndírítear na Treoirlínte seo orthu measúnú a dhéanamh ar shaintréithe na gcripteashócmhainní chun a chinneadh an EMT, ART nó cripteashócmhainn eile í an chripteashócmhainn de réir Rialachán (AE) 2023/1114 agus ba cheart dóibh an méid seo a leanas a chur san áireamh: - a. An airbheartaíonn an chripteashócmhainn luach cobhsaí a choinneáil trí thagairt a dhéanamh do luach airgeadra oifigiúil aonair agus don luach sin amháin? Más amhlaidh atá, tá sí le haicmiú mar EMT de bhun Theideal IV de Rialachán (AE) 2023/1114.
- b. Mura n-airbheartaíonn an chripteashócmhainn luach cobhsaí a choimeád trí thagairt a dhéanamh do luach airgeadra oifigiúil aonair agus don luach sin amháin, an airbheartaíonn sí luach cobhsaí a choimeád faoi threoir luach nó ceart eile (nó teaglaim díobh sin), lena n-áirítear airgeadra oifigiúil amháin nó níos mó? Más amhlaidh atá, tá sí le haicmiú mar ART de bhun Theideal III de Rialachán (AE) 2023/1114.
- c. Mura n-airbheartaíonn an chripteashócmhainn luach cobhsaí a choinneáil trí thagairt a dhéanamh do luach nó ceart eile (agus nach ART ná EMT í dá bhrí sin), tá sí le haicmiú mar chripteashócmhainn de bhun Theideal II de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|