+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
---+Airteagal 3 (14)
---+Airteagal 3 (15)
---+Airteagal 3 (16)
---+Airteagal 3 (17)
---+Airteagal 3 (18)
---+Airteagal 3 (19)
---+Airteagal 3 (20)
---+Airteagal 3 (21)
---+Airteagal 3 (22)
---+Airteagal 3 (23)
---+Airteagal 3 (24)
---+Airteagal 3 (25)
---+Airteagal 3 (26)
---+Airteagal 3 (27)
---+Airteagal 3 (28)
---+Airteagal 3 (29)
---+Airteagal 3 (30)
---+Airteagal 3 (31)
---+Airteagal 3 (32)
---+Airteagal 3 (33)
---+Airteagal 3 (34)
---+Airteagal 3 (35)
---+Airteagal 3 (36)
---+Airteagal 3 (37)
---+Airteagal 3 (38)
---+Airteagal 3 (39)
---+Airteagal 3 (40)
---+Airteagal 3 (41)
---+Airteagal 3 (42)
---+Airteagal 3 (43)
---+Airteagal 3 (44)
---+Airteagal 3 (45)
---+Airteagal 3 (46)
---+Airteagal 3 (47)
---+Airteagal 3 (48)
---+Airteagal 3 (49)
---+Airteagal 3 (50)
---+Airteagal 3 (51)
---+Airteagal 3 (52)
---+Airteagal 3 (53)
---+Airteagal 3 (54)
---+Airteagal 3 (55)
---+Airteagal 3 (56)
---+Airteagal 3 (57)
---+Airteagal 3 (58)
---+Airteagal 3 (59)
---+Airteagal 3 (60)
---+Airteagal 3 (61)
---+Airteagal 3 (62)
---+Airteagal 3 (63)
---+Airteagal 3 (64)
---+Airteagal 3 (65)

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 (1)

ciallaíonn ‘athléimneacht dhigiteach oibríochtúil’ cumas eintitis airgeadais a shláine oibríochta agus a iontaofacht a thógáil, a dhearbhú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu trí, go díreach nó go hindíreach, úsáid a bhaint as seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, réimse iomlán na gcumas a bhaineann le TFC a áirithiú a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a mbaineann eintiteas airgeadais úsáid astu, agus a thacaíonn le soláthar leanúnach seirbhísí airgeadais agus a gcáilíocht, lena n-áirítear le linn bristeacha;

Airteagal 3 (2)

ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’ córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe 1, de Threoir (AE) 2022/2555 ;

Airteagal 3 (3)

ciallaíonn ‘córas TFC leagáide’ córas TFC a bhfuil deireadh a shaolré bainte amach aige (ag deireadh a ré), nach bhfuil oiriúnach d’uasghráduithe nó do shocrúcháin, ar chúiseanna teicneolaíocha nó tráchtála, nó nach dtacaíonn a sholáthróir nó soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis a thuilleadh, ach atá fós in úsáid agus a thacaíonn le feidhmeanna an eintitis airgeadais;

Airteagal 3 (4)

ciallaíonn ‘slándáil córas gréasán agus faisnéise’ slándáil córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe 2, de Threoir (AE) 2022/2555 ;

Airteagal 3 (5)

ciallaíonn ‘riosca TFC’ aon imthoisc inaitheanta le réasún i ndáil le húsáid córas gréasán agus faisnéise a d’fhéadfadh, dá dtiocfadh sé chun cinn, slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise, aon uirlise nó próisis atá spleách ar theicneolaíocht, na n-oibríochtaí agus na bpróiseas, nó soláthair seirbhísí trí éifeachtaí díobhálacha a chruthú sa timpeallacht dhigiteach nó fhisiciúil;

Airteagal 3 (6)

ciallaíonn ‘sócmhainn faisnéise’ bailiúchán faisnéise, cibé acu inláimhsithe nó doláimhsithe, ar fiú é a chosaint;

Airteagal 3 (7)

ciallaíonn ‘sócmhainn TFC’ sócmhainn bogearraí nó crua-earraí sna córais gréasáin agus faisnéise a úsáideann an t-eintiteas airgeadais;

Airteagal 3 (8)

ciallaíonn ‘teagmhas a bhaineann le TFC’ teagmhas aonair nó sraith teagmhas nasctha, nach bhfuil beartaithe ag an eintiteas airgeadais, a chuireann slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise i mbaol, agus a bhfuil drochthionchar aige ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí, nó ar na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais;

Airteagal 3 (9)

ciallaíonn ‘teagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála’ teagmhas aonair nó sraith teagmhas nasctha nach bhfuil beartaithe ag na heintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (d), cibé acu a bhaineann le TFC nó nach mbaineann, a bhfuil drochthionchar acu ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí a bhaineann le híocaíocht, nó ar sheirbhísí a bhaineann le híocaíocht arna soláthar ag an eintiteas airgeadais;

Airteagal 3 (10)

ciallaíonn ‘mórtheagmhas a bhaineann le TFC’ teagmhas a bhaineann le TFC a bhfuil drochthionchar mór aige ar na córais gréasáin agus faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais;

Airteagal 3 (11)

ciallaíonn ‘mórtheagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála’ teagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála a bhfuil drochthionchar mór aige ar na seirbhísí a bhaineann le híocaíocht a chuirtear ar fáil;

Airteagal 3 (12)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

Airteagal 3 (13)

ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt a léiríonn lena saintréithe teicniúla go bhféadfadh mórtheagmhas a bhaineann le TFC nó mórtheagmhas a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála a bheith mar thoradh uirthi;

Airteagal 3 (14)

ciallaíonn ‘cibirionsaí’ teagmhas mailíseach a bhaineann le TFC a tharlaíonn mar thoradh ar iarracht arna déanamh ag gníomhaí bagartha ar bith sócmhainn a scriosadh, a nochtadh, a athrú, a dhíchumasú, a ghoid, nó rochtain gan údarú a fháil uirthi nó úsáid neamhúdaraithe a bhaint aisti;

Airteagal 3 (15)

ciallaíonn ‘faisnéis bhagartha’ faisnéis atá comhiomlánaithe, claochlaithe, a bhfuil anailís déanta uirthi, atá léirithe nó saibhrithe chun an comhthéacs riachtanach a sholáthar don chinnteoireacht agus chun tuiscint ábhartha leordhóthanach a chumasú chun tionchar teagmhais a bhaineann le TFC nó cibearbhagartha a mhaolú, lena n-áirítear sonraí teicniúla ar chibirionsaí, orthu siúd atá freagrach as an ionsaí, ar a modus operandi agus a spreagadh;

Airteagal 3 (16)

ciallaíonn ‘leochaileacht’ laige, soghabháltacht nó fabht sócmhainne, córais, próisis nó rialaithe ar féidir é a bhradaíl;

Airteagal 3 (17)

ciallaíonn ‘tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí (TLPT)’ creat ina ndéantar aithris ar oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta gníomhaithe bagartha ón bhfíorshaol a meastar go bhfuil cibearbhagairt dháiríre ag baint leo, agus lena soláthraítear tástáil rialaithe shaincheaptha bunaithe ar fhaisnéis (foireann dhearg) ar chórais táirgthe bheo chriticiúla an eintitis airgeadais;

Airteagal 3 (18)

ciallaíonn ‘riosca TFC tríú páirtí’ riosca TFC a d’fhéadfadh teacht chun cinn d’eintiteas airgeadais i ndáil leis an úsáid a bhaineann sé as seirbhísí TFC arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nó ag fochonraitheoirí de chuid an tsoláthraí sin, lena n-áirítear trí shocruithe seachfhoinsithe;

Airteagal 3 (19)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí tríú páirtí TFC’ gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí TFC;

Airteagal 3 (20)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa’ gnóthas atá ina chuid de ghrúpa airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí TFC go príomha d’eintitis airgeadais sa ghrúpa céanna nó d’eintitis airgeadais a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach chéanna, lena n-áirítear a máthairghnóthais, a bhfochuideachtaí, a mbrainsí nó eintitis eile atá faoi chomhúinéireacht nó rialú comhchoiteann;

Airteagal 3 (21)

ciallaíonn ‘seirbhísí TFC’ seirbhísí digiteacha agus sonraí a sholáthraítear trí chórais TFC d’úsáideoir inmheánach nó seachtrach amháin nó níos mó ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear crua-earraí mar sheirbhís agus seirbhísí crua-earraí lena n-áirítear soláthar tacaíochta teicniúla trí nuashonrúcháin bogearraí nó dochtearraí arna ndéanamh ag an soláthraí crua-earraí, gan seirbhísí teileafóin analógach traidisiúnta a áireamh;

Airteagal 3 (22)

ciallaíonn ‘feidhm chriticiúil nó thábhachtach’ feidhm a mbeadh tionchar ábharach diúltach aici, ach a gcuirfí isteach uirthi, ar fheidhmíocht airgeadais eintitis airgeadais, nó ar fhóntacht nó leanúnachas a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí, nó a mbeadh tionchar ábharach diúltach ag an bhfeidhmíocht sin scortha, lochtach nó theipthe ar eintiteas airgeadais agus é ag cloí le coinníollacha agus oibleagáidí a údaraithe, nó lena oibleagáidí eile faoin dlí seirbhísí airgeadais is infheidhme;

Airteagal 3 (23)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil’ soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ainmnítear mar chriticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31;

Airteagal 3 (24)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tír’ soláthraí seirbhísí TFC ar duine dlítheanach é atá bunaithe i dtríú tír a rinne socrú conarthach le heintiteas airgeadais le haghaidh soláthar seirbhísí TFC;

Airteagal 3 (25)

ciallaíonn ‘fochuideachta’ gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 2, pointe (10), agus Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

Airteagal 3 (26)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE;

Airteagal 3 (27)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 2, pointe (9), agus Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

Airteagal 3 (28)

ciallaíonn ‘fochonraitheoir TFC atá bunaithe i dtríú tír’ fochonraitheoir TFC ar duine dlítheanach é atá bunaithe i dtríú tír agus a rinne socrú conarthach le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, nó le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tír;

Airteagal 3 (29)

ciallaíonn ‘riosca TFC maidir le comhchruinniú’ neamhchosaint ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil amháin nó níos mó, rud a chruthaíonn spleáchas áirithe ar na soláthraithe sin ionas go bhféadfadh neamh-infhaighteacht, mainneachtain nó cineál eile easnaimh soláthraí den chineál sin cumas eintitis airgeadais feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a sholáthar, nó cur suas le cineál eile drochthionchar, lena n-áirítear caillteanais mhóra, nó cobhsaíocht airgeadais an Aontais trí chéile a chur i mbaol;

Airteagal 3 (30)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (36), de Threoir 2014/65/AE, Airteagal 3(1), pointe (7), de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 2(1), pointe (s), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), Airteagal 2(1), pointe (45), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, Airteagal 3(1), pointe (20), de Rialachán (AE) 2016/1011, agus sna forálacha ábhartha den Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, nó na daoine coibhéiseacha a stiúrann an t-eintiteas i ndáiríre nó a bhfuil príomhfheidhmeanna acu i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó dlí náisiúnta ábhartha;

Airteagal 3 (31)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

Airteagal 3 (32)

ciallaíonn ‘institiúid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2013/36/AE’ eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointí (4) go (23), de Threoir 2013/36/AE;

Airteagal 3 (33)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE;

Airteagal 3 (34)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha’ gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

Airteagal 3 (35)

ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta’ institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366;

Airteagal 3 (36)

ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366’ institiúid íocaíochtaí atá díolmhaithe de bhun Airteagal 32(1) de Threoir (AE) 2015/2366;

Airteagal 3 (37)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí faisnéise cuntais’ soláthraí seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Threoir (AE) 2015/2366;

Airteagal 3 (38)

ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid’ institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Airteagal 3 (39)

ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE’ institiúid ríomh-airgid a thairbhíonn ó tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/110/CE;

Airteagal 3 (40)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

Airteagal 3 (41)

ciallaíonn ‘stór trádála’ stór trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

Airteagal 3 (42)

ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

Airteagal 3 (43)

ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (24), de Threoir 2014/65/AE;

Airteagal 3 (44)

ciallaíonn ‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ bainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE;

Airteagal 3 (45)

ciallaíonn ‘cuideachta bainistíochta’ cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE;

Airteagal 3 (46)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí’ soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (34) go (36) de;

Airteagal 3 (47)

ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE;

Airteagal 3 (48)

ciallaíonn ‘gnóthas athárachais’ gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

Airteagal 3 (49)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí árachais’ idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

Airteagal 3 (50)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí árachais coimhdeach’ idirghabhálaí árachais coimhdeach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (4), de Threoir (AE) 2016/97;

Airteagal 3 (51)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí athárachais’ idirghabhálaí athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5), de Threoir (AE) 2016/97;

Airteagal 3 (52)

ciallaíonn ‘institiúid um sholáthar pinsean ceirde’ institiúid um sholáthar pinsean ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/2341;

Airteagal 3 (53)

ciallaíonn ‘institiúid bheag um sholáthar pinsean ceirde’ institiúid um sholáthar pinsean ceirde, a oibríonn scéimeanna pinsin a bhfuil níos lú ná 100 comhalta iontu ar an iomlán;

Airteagal 3 (54)

ciallaíonn ‘gníomhaireacht rátála creidmheasa’ gníomhaireacht rátála creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;

Airteagal 3 (55)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní’ soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear san fhoráil ábhartha den Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní;

Airteagal 3 (56)

ciallaíonn ‘eisitheoir licíní sócmhainn-tagartha’ eisitheoir ‘licíní sócmhainn-tagartha ’ mar a shainmhínítear san fhoráil ábhartha den Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní;

Airteagal 3 (57)

ciallaíonn ‘riarthóir tagarmharcanna criticiúla’ riarthóir ‘tagarmharcanna criticiúla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (25), de Rialachán (AE) 2016/1011;

Airteagal 3 (58)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin’ soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);

Airteagal 3 (59)

ciallaíonn ‘stór urrúsúcháin’ stór urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);

Airteagal 3 (60)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ eintiteas airgeadais nach ionad trádála, contrapháirtí lárnach, stór trádála nó taisclann lárnach urrús é, ina bhfostaítear níos lú ná deichniúr agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

Airteagal 3 (61)

ciallaíonn ‘Príomh-Fhormhaoirseoir’ an tÚdarás Maoirseachta Eorpach arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (b), den Rialachán seo;

Airteagal 3 (62)

ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010;

Airteagal 3 (63)

ciallaíonn ‘fiontar beag’ eintiteas airgeadais ina bhfostaítear 10 duine nó níos mó ach níos lú ná 50 duine, agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán bliantúil an chláir chomhardaithe atá aige níos mó ná EUR 2 mhilliún, ach nach mó ná EUR 10 milliún.

Airteagal 3 (64)

ciallaíonn ‘fiontar meánmhéide’ eintiteas airgeadais nach fiontar beag é ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus nach mó ná EUR 50 milliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó nach mó ná EUR 43 mhilliún a chláir comhardaithe bhliantúil;

Airteagal 3 (65)

ciallaíonn ‘údarás poiblí’ aon eintiteas rialtais nó aon eintiteas riaracháin phoiblí eile, lena n-áirítear bainc cheannais náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas