+Airteagal 162 2.

Airteagal 162 2.

►M17  I gcás neamhchosaintí a gcuireann institiúid a meastacháin féin ar LGD i bhfeidhm ina leith, ríomhfar an luach aibíochta (“M”) i dtréimhsí arna sloinneadh i mblianta mar a leagtar amach sa mhír seo agus faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná 5 bliana, seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(2) áit a n-úsáidfear M mar a shonraítear ansin é. Ríomhfar M mar a leanas i ngach ceann de na cásanna seo a leanas: ◄

(a) 

I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:

image

mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;

(b) 

i gcás díorthach atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na ►C9  neamhchosanta ◄ , mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M, agus úsáidfear méid barúlach gach ►C9  neamhchosanta ◄ chun an aibíocht a ualú;

(c) 

i gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;

(d) 

i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;

▼M17

(da) 

i gcás idirbheart iasachta urraithe atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 20 lá ar a laghad in M; úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;

(db) 

i gcás máistir-chomhaontú glanluachála lena n-áirítear níos mó ná aon cheann de na cineálacha idirbhirt a chomhfhreagraíonn do phointe (c), (d) nó (da) den mhír seo, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh in M an tréimhse sealbhaíochta is faide ar a laghad, arna sloinneadh i mblianta, agus infheidhme do na hidirbhearta sin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 224(2); 10 lá nó 20 lá, ag brath ar na cásanna. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;

▼B

(e) 

maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na ►C9  neamhchosanta ◄ ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;

▼M17

(f) 

i gcás aon ionstraime seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a), is é a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha, i mblianta, a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús agus na táillí, mar a mbeidh bliain amháin ar a laghad in M;

▼B

(g) 

i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh, ríomhfar M do na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:

image

nuair atá:

image

=

athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1;

image

=

an ►C9  neamhchosaint ◄ ionchasach ag tréimhse todhchaí tk;

image

=

an ►C9  neamhchosaint ◄ ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk;

image

=

an fachtóir lascaine saor ó ►C9  riosca ◄ don tréimhse todhchaí tk;

image

;
(h) 

féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.

Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;

▼M17

(i) 

i gcás institiúidí a úsáideann na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 382a(1), pointe (a) nó (b), chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA a bhaineann le hidirbhearta le contrapháirtí ar leith, ní bheidh M níos mó ná 1 san fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 153(1), pointe (iii), chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh riosca contrapháirtí i gcás na n-idirbheart céanna, dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (a) nó (g), de réir mar is infheidhme;

(j) 

i gcás neamhchosaintí imrothlacha, úsáidfear dáta uasta foirceanta conarthach na saoráide chun M a chinneadh; ní úsáidfidh institiúidí dáta aisíocaíochta na tarraingthe reatha murab é dáta foirceanta conarthach uasta na saoráide é an dáta sin.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas