+Airteagal 49 Measúnú ar chaillteanais i gcás mainneachtana
---+Airteagal 49 1
---+Airteagal 49 2
---+Airteagal 49 3
|
Airteagal 49 Measúnú ar chaillteanais i gcás mainneachtana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na ceanglais maidir leis an meastachán ar na caillteanais i gcás mainneachtana, fíoróidh siad cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an doiciméadacht inmheánach na gnéithe uile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena sonrófar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
na modhanna a úsáideann an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais i gcás mainneachtana, lena n-áirítear ábharthacht gach modha éagsúil, i dtéarmaí mhéid na suíomhanna agus rannchuidiú leis an gceanglas cistí dílse maidir le riosca mainneachtana;
|
|
(b)
|
i gcás gach suímh, luach an chaillteanais i gcás mainneachtana, cibé acu is fofhiach, fiachas neamhurraithe sinsearach, banna faoi chumhdach, nó aon chineál suímh eile é an suíomh, agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear é i gcás na neamhchosanta leabhair trádála de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(ii)
|
níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid cur chuige IRB chun caillteanas an tsuímh i gcás mainneachtana a fháil de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(iii)
|
níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann ceanglais chur chuige IRB a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;
|
|
(iv)
|
níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(3) nó (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;
|
|
(v)
|
níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;
|
|
|
(c)
|
i gcás na suíomhanna uile, an aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena mbaineann siad.
|
|
|
Airteagal 49 2
|
2. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis an meastachán ar chaillteanas i gcás mainneachtana, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn gráinneacht na gcaillteanas i gcás mainneachtana idirdhealú bríoch ar riosca agus, i measc nithe eile, cé acu a cheadaíonn nó nach gceadaíonn an ghráinneacht sin go léireofar sinsearacht an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 325bp(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go hiomchuí, mar aon lena sholáthar urrúis chomhthaobhaigh;
|
|
(b)
|
maidir leis na meastacháin ar chaillteanas i gcás mainneachtana chomh maith leis na hionchuir sonraí a úsáidtear chun iad a dhíorthú, a fhíorú cé acu a thugtar nó nach dtugtar cothrom le dáta iad ar mhinicíocht a áirithíonn go bhfuil na ceanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana riosca-íogair, agus cé acu a léirítear nó nach léirítear aon fhaisnéis ábhartha nua in am trátha, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(c)
|
i gcás caillteanas i gcás mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(i), maidir le haon sraith bhreise a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na caillteanais i gcás mainneachtana faoi chur chuige IRB chun meastacháin níos coimeádaí a fháil, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear i bhfeidhm í le linn don institiúid na ceanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana a ríomh;
|
|
(d)
|
i gcás caillteanais i gcás mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(ii):
|
(i)
|
a fhíorú cé acu a lean nó nár lean an institiúid an próiseas chun an caillteanas i gcás mainneachtana a mheas faoi chur chuige IRB i gcomhréir le beartais inmheánacha IRB na hinstitiúide;
|
|
(ii)
|
ar shampla de shuíomhanna, a fhíorú cé acu is comhionann nó nach comhionann an caillteanas i gcás mainneachtana a úsáideann an institiúid agus an meastachán a tháirgfí leis na córais TF a úsáidtear faoi chur chuige IRB;
|
|
(iii)
|
measúnú a dhéanamh ar na hathróga a úsáidtear i gcur chuige IRB, agus a fhíorú, maidir le sampla de shuíomhanna, cé acu is ann nó nach ann do na hionchuir sonraí agus cé acu atá nó nach bhfuil siad sách iontaofa chun caillteanas iomchuí i gcás mainneachtana a chinneadh;
|
|
|
(e)
|
i gcás caillteanas i gcás mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(iii), den Airteagal seo, athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha a chuireann an bailíochtú inmheánach agus an t-iniúchadh inmheánach ar fáil maidir le comhlíonadh na modheolaíochta inmheánaí a úsáidtear chun na caillteanais i gcás mainneachtana a fháil i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(f)
|
i gcás caillteanas i gcás mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(iv):
|
(i)
|
maidir leis an doiciméadacht inmheánach lena dtacaítear le comhlíontacht na hinstitiúide leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sí iomlán;
|
|
(ii)
|
maidir le sampla de shuíomhanna, measúnú a dhéanamh ar an réasúnaíocht a bhaineann le meastachán a dhéanamh ar an gcaillteanas i gcás mainneachtana gan úsáid a bhaint as an modheolaíocht inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, ná as na foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(iii)
|
maidir le sampla de shuíomhanna a mbaineann an réasúnaíocht dá dtagraítear i bpointe (ii) den mhír seo ina leith leis an easpa sonraí ionchuir dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, a fhíorú cé acu a thugann nó nach dtugann an institiúid bunús leis an bhfíoras go bhfuil na sonraí ionchuir in easnamh;
|
|
(iv)
|
a fhíorú cé acu a shonraigh nó nár shonraigh an institiúid, mar chuid dá beartais inmheánacha, an tréimhse shealbhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, ar faoina bun a mheasann an institiúid gurb inghlactha gan úsáid a bhaint as an modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach le haghaidh chur chuige IRB, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an tréimhse shealbhaíochta sin i gcomhréir le punann na hinstitiúide, i dtéarmaí méide, castachta agus straitéis trádála;
|
|
(v)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar luach ‘m’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 agus, i gcás inarb infheidhme, é a cheangal ar an institiúid míniú a thabhairt maidir le foinse aon athraithe mhóir ar a luach i gcaitheamh na ráithí roimhe sin;
|
|
(vi)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas arna leanúint ag an institiúid chun imscrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil aon fhoinse sheachtrach bhreise ar fáil mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2), pointe (c)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578;
|
|
(vii)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar cinneadh an chaillteanais i gcás mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, i gceart;
|
|
|
(g)
|
i gcás caillteanas i gcás mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b):
|
(i)
|
maidir le sampla de shuíomhanna, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a úsáidtear chun an caillteanas i gcás mainneachtana a mheas ionadaíoch don suíomh;
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil ordlathas na bhfoinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 sonraithe go maith i ndoiciméadacht inmheánach na hinstitiúide agus a fhíorú, maidir le sampla de shuíomhanna, go bhfuil ordlathas na bhfoinsí seachtracha sin curtha chun feidhme i gceart;
|
|
(iii)
|
a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar idirdhealú leis na meastacháin ar chaillteanais i gcás mainneachtana idir suíomhanna ar suíomhanna mainneachtana iad agus suíomhanna.
|
|
Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, suíomhanna a shainaithint nach bhfuil aon athrú tagtha ar na caillteanais mheasta i gcás mainneachtana ina leith le haghaidh tréimhse fhada, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil siad cothrom le dáta agus a fhíorú gur féidir leis an institiúid na cúiseanna atá leis na luachanna gan athrú a mhíniú.
Chun críocha phointe (c), ar shampla de shuíomhanna, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach bhfuil difríocht sa mheastachán ar an gcaillteanas i gcás mainneachtana a úsáidtear i gcur chuige IRB ón meastachán ar an gcaillteanas i gcás mainneachtana a úsáidtear i ríomh an cheanglais maidir le riosca mainneachtana.
Chun críocha phointe (g)(i), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is léiriú nó nach léiriú atá sna sonraí a úsáidtear ar shinsearacht an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 325bp(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ar an réigiún nó earnáil.
Chun críocha phointe (g)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla a fhíorú cé acu a dhéantar nó nach ndéantar idirdhealú leis na meastacháin ar chaillteanais i gcás mainneachtana idir suíomhanna ar suíomhanna mainneachtana iad agus suíomhanna nach ea trí mheasúnú a dhéanamh ar an meastachán arna shannadh ag an institiúid do shuíomhanna an eisitheora céanna a mhainnigh agus nár mhainnigh a áirítear i raon feidhme na gceanglas cistí dílse breise maidir le riosca mainneachtana.
|
|
Airteagal 49 3
|
3. Chun críocha mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, é a cheangal ar an institiúid meastachán a dhéanamh ar chaillteanais i gcás mainneachtana le modh eile i measc na modhanna a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus míniú a thabhairt faoi na difríochtaí sna torthaí a fhaightear.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|