|
+Airteagal 48 3. |
Airteagal 48 3.Áireofar san athbhreithniú piaraí ar ghníomhaíochtaí FIU measúnú ar na nithe seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:
(a)
leormhaitheas acmhainní FIU, lena n-áirítear acmhainní daonna agus teicniúla agus TF, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh;
(b)
na bearta a chuirtear chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil neamhspleáchas agus uathriail oibríochtúil ag FIU agus nach bhfuil sé faoi réir tionchar míchuí;
(c)
na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun slándáil agus rúndacht faisnéise a chosaint;
(d)
feidhm FIU chun tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha agus nochtaí eile a fháil, lena n-áirítear líon agus cineál na nochtaí a fhaightear agus a gcáilíocht;
(e)
na bearta atá curtha i bhfeidhm ag FIU chun tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha ag eintitis faoi oibleagáid a fheabhsú, go háirithe i ndáil lena gcáilíocht;
(f)
rochtain FIU ar fhaisnéis bhreise agus úsáid na faisnéise breise sin chun a anailís a shaibhriú;
(g)
na huirlisí a úsáideann FIU chun anailís a dhéanamh;
(h)
a mhéid a thacaíonn anailís agus scaipeadh FIU le riachtanais oibríochtúla na n-údarás atá inniúil chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
(i)
comhar intíre idir FIU agus údaráis inniúla eile;
(j)
comhar trasteorann idir FIU agus FIUnna ó Bhallstáit eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|