|
+IARSCRÍBHINN V FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE MAIDIR LE hURRÚIS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ |
IARSCRÍBHINN V FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE MAIDIR LE hURRÚIS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ
IARSCRÍBHINN V FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE MAIDIR LE hURRÚIS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ I. Achoimre Gan dochar don dara fomhír d’Airteagal 7(1), ní mór achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) a áireamh sa réamheolaire leantach AE. II. Faisnéis faoin eisitheoir (Doiciméad clárúcháin) An chuideachta atá ag eisiúint na scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) atá aici, a hainm dlíthiúil agus tráchtála, a tír chorpraithe agus an suíomh gréasáin inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis a aimsiú faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, na príomh-mhargaí ina mbíonn sí san iomaíocht, a príomh-scairshealbhóirí, comhdhéanamh a comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a bainistíochta sinsearaí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a chorpraítear trí thagairt (le séanadh nach cuid den réamheolaire í an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire leantach AE). III. Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil 1. Ráiteas freagrachta (Doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús) Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an (doiciméid clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí. I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:
(i)
ainm;
(ii)
seoladh gnó;
(iii)
cáilíochtaí; agus
(iv)
leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir. 2. Ráiteas faoin údarás inniúil Déanfar an méid seo a leanas sa ráiteas:
(i)
an t-údarás inniúil a d’fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an (doiciméad clárúcháin/nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE), a léiriú;
(ii)
a shonrú nach formhuiniú de chuid an eisitheora ná ar cháilíocht na scaireanna lena mbaineann an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) é an formheas sin;
(iii)
a shonrú nár fhormheas an t-údarás inniúil an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aici;
(iv)
a shonrú go ndearnadh an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a tharraingt suas mar (chuid de) réamheolaire leantach AE i gcomhréir le hAirteagal 14a. IV. Tosca riosca (Doiciméad clárúcháin/Nóta mínithe urrús) Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir (doiciméad clárúcháin/réamheolaire leantach AE) agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (nóta mínithe urrús/réamheolaire leantach AE), i roinn dar teideal “Tosca riosca”. Comhthacófar na rioscaí le hinneachar an (doiciméad clárúcháin/nóta mínithe urrús/réamheolaire leantach AE). V. Faisnéis airgeadais (Doiciméad clárúcháin) Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar réamheolaire leantach AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil. Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ullmhófar an tuarascáil iniúchóireachta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire leantaighl AE, a thugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa réamheolaire leantach AE:
(i)
ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;
(ii)
míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta. I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine. Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí. VI. Faisnéis treochtaí (Doiciméad clárúcháin) Tuairisc ar an méid seo a leanas:
(i)
aon athrú díobhálach ábhartha ar ionchais an eisitheora ó dháta foilsithe a ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí;
(ii)
aon athrú suntasach ar fheidhmíocht airgeadais an ghrúpa ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí a bhfuil faisnéis airgeadais foilsithe ina leith go dtí dáta an doiciméid clárúcháin; Mura bhfuil aon athrú suntasach dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den roinn seo, tá gá le ráiteas á rá sin. VII. Sonraí a bhaineann leis an tairiscint ( 23 ) nó ligean isteach chun trádála (Nóta mínithe urrús) Praghas na tairisceana, líon na n-urrús a thairgtear, méid na heisiúna/tairisceana agus na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na n-urrús atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal. Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh le haghaidh na n-urrús, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na n-urrús nua. Ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a fhrithghealladh ar bhonn gealltanais dhaingin, agus ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a láithriú gan gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill”. Léiriú ar ghnéithe ábhartha na gcomhaontuithe, lena n-áirítear na cuótaí. I gcás nach bhfuil an eisiúint go léir frithgheallta, ráiteas ar an gcuid nach bhfuil clúdaithe. Léiriú ar mhéid foriomlán an choimisiúin frithgheallta agus ar an gcoimisiún láithrithe. I gcás inarb infheidhme, na margaí rialáilte, margaí fáis FBManna nó MTFanna ina bhfuil na hurrúis le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála a léiriú. VIII. Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis (Nóta mínithe urrús) Is é is cuspóir don roinn seo an fhaisnéis fhíor-riachtanach seo a leanas a sholáthar maidir leis na hurrúis arna dtairiscint don phobal nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:
(i)
an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);
(ii)
na cearta a ghabhann leis na hurrúis, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;
(iii)
an praghas ag a dtairgfear na hurrúis nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;
(iv)
faisnéis a bhaineann le hús iníoctha nó tuairisc ar an ionstraim fholuiteach, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun nasc a dhéanamh idir an ionstraim fholuiteach agus an ráta, agus léiriú ar an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi fheidhmíocht na hionstraime foluití roimhe seo agus amach anseo agus faoina luaineacht;
(v)
tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na n-urrús atá á dtairiscint don phobal agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
(vi)
rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na hurrúis; agus
(vii)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach. IX. Cúiseanna leis an tairiscint, úsáid fáltas agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG (Nóta mínithe urrús) Maidir le hurrúis neamhchothromais seachas na hurrúis sin dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, faisnéis a sholáthar i ndáil leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin. I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. I gcás na n-urrús neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, ní mór úsáid agus glanmhéid measta na bhfáltas a lua. I gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an sceideal mar a shonraítear a thuilleadh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g), á gcur san áireamh. X. Coinbhleachtaí leasa (Nóta mínithe urrús) Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna. XI. Doiciméid atá ar fáil (Doiciméad clárúcháin) Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire leantaigh AE:
(a)
meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;
(b)
gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt dóibh sa réamheolaire leantach AE. Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|