+Airteagal 16 Ceanglais tar éis toiliú maidir le loingsiú dramhaíola a fháil
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.

Airteagal 16 Ceanglais tar éis toiliú maidir le loingsiú dramhaíola a fháil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Tar éis do na húdaráis inniúla lena mbaineann toiliú a thabhairt maidir le loingsiú faoina dtugtar fógra, comhlánóidh gach gnóthas lena mbaineann an doiciméad gluaiseachta, nó, i gcás fógra ginearálta, na doiciméid ghluaiseachta ag na pointí a shonraítear. Áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis sa doiciméad gluaiseachta a chur ar fáil go leictreonach trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, lena n-áirítear le linn thréimhse an iompair dramhaíola, do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a bhfuil baint acu leis an loingsiú, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí.
Airteagal 16 2.
A luaithe a bheidh toiliú i scríbhinn faighte ag an bhfógróir ó na húdaráis inniúla seolta, cinn scríbe agus idirthurais, nó a luaithe a fhéadfaidh sé glacadh leis gur tugadh toiliú intuigthe i ndáil leis an údarás inniúil idirthurais, soláthróidh an fógróir dáta iarbhír an loingsithe agus comhlánóidh sé an doiciméad gluaiseachta a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na treoracha maidir leis na doiciméid fógartha agus ghluaiseachta in Iarscríbhinn IA agus in Iarscríbhinn IB a chomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn IC, agus cuirfidh sé faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann agus faoi bhráid na daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a bhfuil baint acu leis an loingsiú, dhá lá oibre ar a laghad sula gcuirfear tús leis an loingsiú. Mar sin féin, féadfar faisnéis maidir le cainníocht iarbhír na dramhaíola, an t-iompróir nó na hiompróirí agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an choimeádáin a thíolacadh, ar a dhéanaí, sula gcuirfear tús leis an loingsiú.
Airteagal 16 3.
Áiritheoidh an fógróir, chomh maith leis an doiciméad gluaiseachta a chur ar fáil i gcomhréir le mír 1, go ndéanfar an doiciméad fógartha ina bhfuil na toilithe agus na coinníollacha arna bhforchur ag na húdaráis inniúla lena mbaineann a chur ar fáil go leictreonach, lena n-áirítear le linn an iompair dramhaíola, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí.
Airteagal 16 4.
I gcás nach féidir na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chur ar fáil ar líne le linn an iompair dramhaíola, áiritheoidh an fógróir agus an t-iompróir nó na hiompróirí go mbeidh na doiciméid ar fáil ar mhodh eile san fheithicil iompair. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an fógróir go dtíolacfar trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27 aon athrú nó aon bhreisiú a dhéanfar ar na doiciméid le linn an iompair dramhaíola.
Airteagal 16 5.
Déanfaidh an tsaoráid, laistigh de 2 lá oibre tar éis di an dramhaíl a fháil, deimhniú a sholáthar chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuarthas an dramhaíl. Déanfar an deimhniú sin a sholáthar sa doiciméad gluaiseachta nó a chur i gceangal leis.
Airteagal 16 6.
Déanfaidh an tsaoráid a chuirfidh i gcrích oibríocht aisghabhála neamheatramhaí nó oibríocht diúscartha neamheatramhaí, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích na hoibríochta sin, agus tráth nach déanaí ná 1 bhliain, nó an tréimhse is giorra ná sin dá dtagraítear in Airteagal 9(6), tar éis fháil na dramhaíola faoina freagracht, deimhniú a sholáthar gur tugadh an aisghabháil neamheatramhach nó an diúscairt neamheatramhach chun críche.
Airteagal 16 7.
Cuirfear an deimhniú dá dtagraítear i mír 6 faoi bhráid an fhógróra agus na n-údarás inniúil lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas