+Airteagal 38 2.

Airteagal 38 2.

Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

i gcomhréir le hAirteagal 27, cuirfidh an fógróir an fógra agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht bhreise a iarrtar isteach, agus an tráth céanna, soláthróidh sé an fógra agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht bhreise sin tríd an bpost, nó más iomchuí, i bhfacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leo, chuig an údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3); i gcás ina n-úsáidtear ríomhphost le síniú digiteach, cuirfear an síniú digiteach in ionad aon stampa nó síniú a cheanglaítear;

(b) 

soláthróidh an fógróir, i gceangal leis an doiciméad fógartha, fianaise dhoiciméadach go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 46(3) sa tsaoráid a bhfuil dramhaíl á honnmhairiú chuici, ach amháin má tá feidhm ag an díolúine in Airteagal 46(11);

(c) 

cuirfidh an t-údarás inniúil seolta agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas ar an eolas faoi aon iarraidh ar fhaisnéis agus doiciméadacht óna thaobh agus faoina gcinneadh agus faoina gcoinníollacha, más ann dóibh, maidir leis an loingsiú dramhaíola beartaithe, tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, mura rud é go bhfuil na húdaráis inniúla sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);

(d) 

déanfar an fhaisnéis atá le soláthar don údarás inniúil cinn scríbe agus d’aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas de bhun Airteagail 7, 8, 16 agus 17 a sholáthar tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);

(e) 

áiritheoidh an fógróir go n-áireofar an fhaisnéis atá le soláthar ag an tsaoráid de bhun Airteagal 15(3) go (5) agus Airteagal 16(5) agus (6) i gcóras dá dtagraítear in Airteagal 27, ach amháin má tá na saoráidí sin nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);

(f) 

aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, beidh 60 lá aige ó dháta tharchur a admhála go bhfuair sé an fógra atá comhlánaithe i gceart, chun toiliú intuigthe a sholáthar má tá cinneadh déanta ag an tír lena mbaineann nach n-éileoidh sí réamhthoiliú i scríbhinn agus gur chuir an tír na Páirtithe i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoin méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin, nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha;

(g) 

an t-údarás inniúil seolta san Aontas, ní dhéanfaidh sé cinneadh toiliú leis an loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 9 ach tar éis dó toiliú i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, toiliú intuigthe nó i scríbhinn ó údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, agus tráth nach luaithe ná 61 lá tar éis an dáta a dhéanann an t-údarás inniúil idirthurais admháil fála an fhógra atá comhlánaithe i gceart a tharchur, ach amháin má tá toiliú i scríbhinn ag údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, agus sa chás sin, féadfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a dhéanamh roimh an teorainn ama sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas