1. Beidh i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir agus go ndéanfar an méid a leanas go háirithe:
|
(a)
|
maolú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an eintitis faoi oibleagáid;
|
|
(b)
|
i dteannta na hoibleagáide smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
Beidh na beartais, na nósanna imeachta agus rialuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile an eintitis faoi oibleagáid a thagann faoi raon feidhme an Rialachán seo.