+Airteagal 9 Raon feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
|
Airteagal 9 Raon feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Beidh i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir agus go ndéanfar an méid a leanas go háirithe:
|
(a)
|
maolú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an eintitis faoi oibleagáid;
|
|
(b)
|
i dteannta na hoibleagáide smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
Beidh na beartais, na nósanna imeachta agus rialuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile an eintitis faoi oibleagáid a thagann faoi raon feidhme an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Ar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 áireofar an méid a leanas:
|
(a)
|
beartais agus nósanna imeachta inmheánacha lena n-áirítear go háirithe:
|
(i)
|
an measúnú riosca uileghnó a dhéanamh agus a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(ii)
|
creat bainistíochta riosca an eintitis faoi oibleagáid;
|
|
(iii)
|
dícheall cuí do chustaiméirí chun Caibidil III den Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta chun a chinneadh cibé acu is duine atá faoi riteacht pholaitiúil nó ball teaghlaigh nó duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í an custaiméir, an t-úinéir tairbhiúil, nó an duine a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á seoladh thar a cheann nó thar a ceann nó ar a shon nó ar a son nó chun tairbhe di nó dó;
|
|
(iv)
|
idirbhearta amhrasacha a thuairisciú;
|
|
(v)
|
dícheall cuí do chustaiméirí a sheachfhoinsiú agus brath ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintitis eile faoi oibleagáid;
|
|
(vi)
|
coinneáil taifead agus beartais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta de bhun Airteagail 76 agus 77;
|
|
(vii)
|
faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha sin i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo, sainaithint agus bainistiú easnamh agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha;
|
|
(viii)
|
fíorú, atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na cúraimí agus na feidhmeanna atá le déanamh, agus baill foirne á n-earcú agus á sannadh do chúraimí agus feidhmeanna áirithe agus nuair a bhíonn gníomhairí agus dáileoirí á gceapadh, go bhfuil dea-cháil ar na daoine sin;
|
|
(ix)
|
cumarsáid inmheánach bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear chuig a ghníomhairí, a dháileoirí agus a sholáthraithe seirbhíse a bhfuil baint acu le cur chun feidhme a bheartais AML/CFT;
|
|
(x)
|
beartas maidir le hoiliúint fostaithe agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhairí agus dáileoirí maidir le bearta atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid chun go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir;
|
|
|
(b)
|
rialuithe inmheánacha agus feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun tástáil a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus na rialuithe atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid; in éagmais feidhm iniúchóireachta neamhspleách, féadfaidh na heintitis faoi oibleagáid a chur ar shaineolaí seachtrach an tástáil sin a dhéanamh.
|
Na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, taifeadfar i scríbhinn iad. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta na beartais inmheánacha a fhormheas. Déanfar nósanna imeachta inmheánacha agus rialuithe inmheánacha a fhormheas ar a laghad ar leibhéal an bhainisteora um chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid na beartais inmheánacha, na nósanna imeachta agus na rialuithe suas chun dáta, agus feabhsóidh siad iad áit a sainaithnítear laigí.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na heilimintí ar cheart do na heintitis faoi oibleagáid iad a chur san áireamh, bunaithe ar chineál a ngnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus a méid, agus cinneadh á déanamh maidir le méid a mbeartas, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, go háirithe i ndáil leis an bhfoireann arna sannadh ar na feidhmeanna maidir le comhlíonadh. Sainaithneofar leis na treoirlínte sin freisin cásanna ina ndéanfaí, de bharr chineál agus mhéid an eintitis faoi oibleagáid, an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá rialuithe inmheánacha le heagrú ar leibhéal na feidhme tráchtála, na feidhme comhlíonta agus na feidhme iniúchóireachta;
|
|
(ii)
|
is féidir le saineolaí seachtrach an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách a chur i gcrích.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|