|
+Airteagal 11 2 |
Airteagal 11 22. Beidh oifigeach um chomhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid, a cheapfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta agus a mbeidh stádas ordlathach ard go leor aige, a bheidh freagrach as na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe i bhfeidhmiú laethúil cheanglais AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear i ndáil le cur chun feidhme na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus beidh sé ina phointe teagmhála i gcomhair na n-údarás inniúil. Beidh an t-oifigeach um chomhlíonadh freagrach freisin as idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig an FIU i gcomhréir le hAirteagal 69(6). I gcás eintitis faoi oibleagáid a chuirtear faoi réir seiceálacha ar a mbainistíocht shinsearach nó a n-úinéirí tairbhiúla de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2024/1640 nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfear oifigigh um chomhlíonadh faoi réir fíoraithe go gcomhlíonann siad na ceanglais sin. I gcás ina bhfuil údar leis de bharr mhéid an eintitis faoi oibleagáid agus de bharr riosca íseal a ghníomhaíochtaí, féadfaidh eintiteas faoi oibleagáid atá i ngrúpa duine aonair a cheapadh mar a oifigeach um chomhlíonadh a chomhlíonann an fheidhm sin in eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin. Ní fhéadfar an t-oifigeach um chomhlíonadh a chur as oifig ach amháin tar éis fógra a thabhairt roimh ré don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta. Tabharfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid fógra don mhaoirseoir faoi chur as oifig an oifigigh um chomhlíonadh, agus sonróidh sé cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an cinneadh leis na cúraimí a shanntar faoin Rialachán seo a dhéanamh. Féadfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin, faisnéis a sholáthar don mhaoirseoir maidir leis an gcur as oifig. Féadfaidh an maoirseoir an fhaisnéis sin a úsáid chun a chúraimí a dhéanamh faoin dara fomhír den mhír seo agus faoi Airteagal 37(4) de Threoir (AE) 2024/1640. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|