2. De mhaolú ar Airteagal 4(1), agus, i gcás inarb iomchuí, gan dochar don fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, is é a bheidh ag gabháil le haistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, an méid seo a leanas ar laghad:
|
(a)
|
ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus
|
|
(b)
|
uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.
|
De mhaolú ar Airteagal 4(4), ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a bhaineann leis an íocóir a fhíorú ach amháin:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra chun drochamhras a bheith air, gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
|