+81. Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an …
|
81. Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an …
Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa: - a) comhordú a dhéanamh ar an measúnú ar fud an ghnó ar na rioscaí ML/TF arna dhéanamh ar an leibhéal áitiúil ag eintitis an ghrúpa agus comhiomlánú a dtorthaí a eagrú chun tuiscint mhaith a bheith acu ar nádúr, ar dhéine agus ar shuíomh na rioscaí ML/TF, a bhfuil an grúpa ina iomláine neamhchosanta dóibh;
- b) measúnú riosca ML/TF ar fud an ghrúpa a dhréachtú. I ndáil leis sin, ba cheart do mháthairghnóthas an ghrúpa, ina chóras bainistíochta riosca ML/TF ar leibhéal an ghrúpa, rioscaí aonair eintitis éagsúla an ghrúpa agus na hidirghaolta a d’fhéadfadh a bheith acu a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar neamhchosaint an ghrúpa iomláin a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil brainsí nó fochuideachtaí an ghrúpa atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchosanta orthu, go háirithe má tá ardriosca ML/TF acu;
- c) caighdeáin AML/CFT ar leibhéal grúpa a shainiú agus a áirithiú go gcomhlíonann beartais agus nósanna imeachta áitiúla, ar leibhéal an eintitis, an reachtaíocht agus na rialacháin AML/CFT is infheidhme maidir le gach eintiteas den ghrúpa ina aonar, agus go bhfuil siad ailínithe freisin leis na caighdeáin ghrúpa arna sainiú;
- d) gníomhaíochtaí na n-oifigeach éagsúil áitiúil um chomhlíonadh AML/CFT in eintitis oibríochtúla an ghrúpa a chomhordú chun a áirithiú go n-oibríonn siad go comhsheasmhach;
- e) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha AML/CFT an Aontais Eorpaigh ag na brainsí agus na bhfochuideachtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, go háirithe i gcás nach bhfuil na ceanglais maidir le ML/TF a chosc chomh dian leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849;16
- f) beartais, nósanna imeachta agus bearta uile-ghrúpa a shocrú a bhaineann, go háirithe, le cosaint sonraí agus le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa chun críocha AML/CFT, i gcomhréir leis na forálacha dlí náisiúnta;
- g) a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha tuairiscithe ar idirbhearta amhrasacha ag eintitis an ghrúpa agus go roinneann siad faisnéis i gceart, lena n-áirítear an fhaisnéis gur comhdaíodh tuarascáil faoi idirbheart amhrasach (gan dochar do rialacha rúndachta náisiúnta i gcás inarb ann).
16 Le do thoil féach chomh maith Comhchaighdeáin Theicniúla Rialála ÚME maidir le cur chun feidhme beartas uile-ghrúpa AML/CFT i dtríú tíortha an 6 Nollaig 2017: JC 2017 25
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|