+326. Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas …

326. Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas …

Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas go léir a mheas agus ba cheart dóibh doimhneacht an mheasúnaithe ar gach gné a oiriúnú ag brath ar a ábharthacht don institiúid:

  • a. gnéithe de riosca na giarála iomarcaí a mheastar nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach ag an gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála a leagtar amach in Airteagal 92(1) pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar thoradh ar na nithe seo a leanas, go háirithe:
  • i. arbatráiste rialála / barrfheabhsú an chóimheas ghiarála trí neamhchosaintí a chomhairtear sa chóimheas giarála a mhalartú ar neamhchosaintí atá comhchosúil ó thaobh an gheilleagair de a d’fhéadfaí a áireamh níos lú i ríomh neamhchosaint an chóimheasa ghiarála;
  • ii. arbatráiste rialála / barrfheabhsú trí neamhchosaint ar an gcóimheas giarála a íoslaghdú i bhfoirm laghduithe sealadacha ar mhéid na n-idirbheart sna príomh-mhargaí airgeadais (go háirithe sa mhargadh airgid, ar ghníomhaíochtaí áirithe amhail SFTanna, ach sa mhargadh díorthach freisin) thart ar na dátaí tagartha a bheith mar bhonn le tuairisciú agus nochtadh poiblí na gcóimheasa ardaithe giarála ('gníomhaíochtaí gléasta fuinneoige');
  • iii. gnéithe sonracha den tsamhail ghnó, de ghníomhaíochtaí gnó nó de shaintréithe eile na mbanc a mhéadaíonn nó a laghdaíonn a mhéid atá an institiúid neamhchosanta ar riosca na giarála iomarcaí ach nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach le linn an chóimheas giarála a bheith á ríomh. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas, i gcás inarb infheidhme, neamhchosaintí arda ar roghanna scríofa ar chothromas nó ar shuíomhanna gearra trí dhíorthaigh chreidmheasa a bhféadfadh neamhchosaint ardaithe a bheith acu ar bhuaic-chaillteanas, ós rud é nach bhfuil na suíomhanna sin gafa go hiomlán sa neamhchosaint ar an gcóimheas giarála (i gcodarsnacht, mar shampla, le díorthaigh chreidmheasa scríofa), agus comohchruinniú in ítimí áirithe lasmuigh den chlár comhardaithe i gcás ina bhféadfadh luaineacht mhéadaithe in íostarraingtí a bheith mar thoradh ar na sainghnéithe is gné dhílis de ghníomhaíochtaí gnó na hinstitiúide.
  • b. na gnéithe de riosca na giarála iomarcaí a eisiatar go sainráite ón gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála nó nach dtugtar aghaidh go sainráite orthu, lena n-áirítear i ngeall ar na heisiaimh atá liostaithe in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go háirithe i gcás ina bhfuil imní ann maidir le measúnú ar chomhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha maidir leis na heisiaimh sin agus i gcás ina bhfuil an spleáchas ar eisiamh aonair thar a bheith suntasach don institiúid agus go bhfuil an méid a eisiatar ró-luaineach;
  • c. na hathruithe ar chóimheas giarála na hinstitiúide agus ar a chomhpháirteanna, lena n-áirítear an tionchar intuartha a bheidh ag caillteanais ionchasacha reatha agus sa todhchaí ar an gcóimheas giarála, agus samhail ghnó na hinstitiúide á cur san áireamh.

7.3.2. Cinneadh an P2R-LR

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.