+7.3. Ceanglais Cholún 2 maidir le riosca na giarála iomarcaí (P2R-LR)
---+324. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla P2R-LR chun aghaidh a thabhairt ar an riosca seo, mar …
---+325. I gcomhréir le coincheap an chóimheas ghiarála (agus a chruach ceanglas) mar chúlstop do na …
---+326. Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas …
---+327. Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chinneadh mar an difríocht idir an caipiteal a …
---+328. Agus P2R-LR á leagan síos, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh go háirithe ar na …
---+329. Ba cheart d’údaráis inniúla riosca na giarála iomarcaí a shainaithint, a mheasúnú agus a …
---+330. Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chur le ceanglas íosta cóimheas giarála Leibhéal 1 …
---+331. Nuair is gá, agus ag féachaint d’imthosca sonracha na n-institiúidí, féadfaidh údaráis inniúla …
|
7.3. Ceanglais Cholún 2 maidir le riosca na giarála iomarcaí (P2R-LR)
7.3. Ceanglais Cholún 2 maidir le riosca na giarála iomarcaí (P2R-LR)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
324. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla P2R-LR chun aghaidh a thabhairt ar an riosca seo, mar …
|
I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla P2R-LR chun aghaidh a thabhairt ar an riosca seo, mar thoradh ar an measúnú ar riosca na giarála iomarcaí, i gcomhréir le hAirteagal 104a (3) agus (4) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart dóibh an ceanglas seo a chur leis an gceanglas maidir le cistí dílse atá bunaithe ar an gcóimheas giarála mar a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní leis an P1R atá bunaithe ar an TREA mar a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointí (a) go (c). Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar cheanglas an chóimheasa giarála agus ar an P2R-LR mar chruach ar leithligh ó cheanglais bunaithe ar TREA agus P2R le haghaidh gach cineál riosca eile (i.e. is féidir cistí dílse atá ar fáil a úsáid ag an am céanna chun ceanglais a chomhlíonadh sa chruach TREA-bhunaithe agus sa chruach de cheanglais cistí dílse bunaithe ar chóimheas giarála). 7.3.1. Measúnú ar riosca na giarála iomarcaí
|
|
325. I gcomhréir le coincheap an chóimheas ghiarála (agus a chruach ceanglas) mar chúlstop do na …
|
I gcomhréir le coincheap an chóimheas ghiarála (agus a chruach ceanglas) mar chúlstop do na ceanglais cistí dílse atá bunaithe ar TREA, sa mheasúnú ar riosca na giarála iomarcaí, ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar leochaileachtaí ábhartha a d'fhéadfadh a bheith ann nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach ag na ceanglais cistí dílse mar a leagtar amach in Airteagal 92(1) pointe (d) de Rialachán (AE) 575/2013 a bhféadfadh bearta ceartaitheacha maidir le gníomhaíochtaí gnó na hinstitiúide, a bheith ag teastáil, bearta nár beartaíodh ina plean gnó.
|
|
326. Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas …
|
Agus riosca na giarála iomarcaí á measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas go léir a mheas agus ba cheart dóibh doimhneacht an mheasúnaithe ar gach gné a oiriúnú ag brath ar a ábharthacht don institiúid: - a. gnéithe de riosca na giarála iomarcaí a mheastar nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach ag an gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála a leagtar amach in Airteagal 92(1) pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar thoradh ar na nithe seo a leanas, go háirithe:
- i. arbatráiste rialála / barrfheabhsú an chóimheas ghiarála trí neamhchosaintí a chomhairtear sa chóimheas giarála a mhalartú ar neamhchosaintí atá comhchosúil ó thaobh an gheilleagair de a d’fhéadfaí a áireamh níos lú i ríomh neamhchosaint an chóimheasa ghiarála;
- ii. arbatráiste rialála / barrfheabhsú trí neamhchosaint ar an gcóimheas giarála a íoslaghdú i bhfoirm laghduithe sealadacha ar mhéid na n-idirbheart sna príomh-mhargaí airgeadais (go háirithe sa mhargadh airgid, ar ghníomhaíochtaí áirithe amhail SFTanna, ach sa mhargadh díorthach freisin) thart ar na dátaí tagartha a bheith mar bhonn le tuairisciú agus nochtadh poiblí na gcóimheasa ardaithe giarála ('gníomhaíochtaí gléasta fuinneoige');
- iii. gnéithe sonracha den tsamhail ghnó, de ghníomhaíochtaí gnó nó de shaintréithe eile na mbanc a mhéadaíonn nó a laghdaíonn a mhéid atá an institiúid neamhchosanta ar riosca na giarála iomarcaí ach nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach le linn an chóimheas giarála a bheith á ríomh. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas, i gcás inarb infheidhme, neamhchosaintí arda ar roghanna scríofa ar chothromas nó ar shuíomhanna gearra trí dhíorthaigh chreidmheasa a bhféadfadh neamhchosaint ardaithe a bheith acu ar bhuaic-chaillteanas, ós rud é nach bhfuil na suíomhanna sin gafa go hiomlán sa neamhchosaint ar an gcóimheas giarála (i gcodarsnacht, mar shampla, le díorthaigh chreidmheasa scríofa), agus comohchruinniú in ítimí áirithe lasmuigh den chlár comhardaithe i gcás ina bhféadfadh luaineacht mhéadaithe in íostarraingtí a bheith mar thoradh ar na sainghnéithe is gné dhílis de ghníomhaíochtaí gnó na hinstitiúide.
- b. na gnéithe de riosca na giarála iomarcaí a eisiatar go sainráite ón gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála nó nach dtugtar aghaidh go sainráite orthu, lena n-áirítear i ngeall ar na heisiaimh atá liostaithe in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go háirithe i gcás ina bhfuil imní ann maidir le measúnú ar chomhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha maidir leis na heisiaimh sin agus i gcás ina bhfuil an spleáchas ar eisiamh aonair thar a bheith suntasach don institiúid agus go bhfuil an méid a eisiatar ró-luaineach;
- c. na hathruithe ar chóimheas giarála na hinstitiúide agus ar a chomhpháirteanna, lena n-áirítear an tionchar intuartha a bheidh ag caillteanais ionchasacha reatha agus sa todhchaí ar an gcóimheas giarála, agus samhail ghnó na hinstitiúide á cur san áireamh.
7.3.2. Cinneadh an P2R-LR
|
|
327. Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chinneadh mar an difríocht idir an caipiteal a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chinneadh mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach chun riosca na giarála iomarcaí a chlúdach agus na ceanglais maidir le cistí dilse don chóimheas giarála, mar a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní féidir leis an méid seo a bheith diúltach.
|
|
328. Agus P2R-LR á leagan síos, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh go háirithe ar na …
|
Agus P2R-LR á leagan síos, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh go háirithe ar na nithe seo a leanas: - a) gnéithe de riosca na giarála iomarcaí a mheastar nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach faoin gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go háirithe i gcás ina léiríonn measúnú ar na gnéithe a gcuirtear síos orthu sna míreanna 325 nó 326 leochaileacht ard nuair a chuirtear i gcomparáid le neamhchosaint an chóimheasa ghiarála í;
- b) gnéithe de riosca na giarála iomarcaí riosca atá eisiata go sainráite ón gceanglas cistí dílse maidir le cóimheas giarála nó nach dtugtar aghaidh go sainráite orthu, lena n-áirítear i ngeall ar na heisiaimh atá liostaithe in Airteagal 429a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mheasúnaítear i gcomhréir le mír 326, pointe b. Níor cheart d’údaráis inniúla P2R-LR a leagan síos ach amháin sna cásanna sin, nuair is é an toradh a bhíonn ar úsáid an-leathan eisiamh áirithe ná leibhéal cóimheasa giarála nach léiríonn go hiomchuí an riosca ar gá don institiúid déileáil leis.
|
|
329. Ba cheart d’údaráis inniúla riosca na giarála iomarcaí a shainaithint, a mheasúnú agus a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla riosca na giarála iomarcaí a shainaithint, a mheasúnú agus a chainníochtú de réir na bhfoinsí faisnéise agus na modhanna a leagtar amach i míreanna 302 agus 303, trí úsáid a bhaint as na foinsí faisnéise atá ar fáil a mhéid is atá siad ábhartha don riosca seo. 7.3.3. Comhdhéanamh an P2R-LR
|
|
330. Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chur le ceanglas íosta cóimheas giarála Leibhéal 1 …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an P2R-LR a chur le ceanglas íosta cóimheas giarála Leibhéal 1, Chun an ceanglas breise sin a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh institiúidí in ann aon chaipiteal Leibhéal 1 a úsáid freisin.
|
|
331. Nuair is gá, agus ag féachaint d’imthosca sonracha na n-institiúidí, féadfaidh údaráis inniúla …
|
Nuair is gá, agus ag féachaint d’imthosca sonracha na n-institiúidí, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh a cheangal ar institiúidí P2R-LR a chlúdach le cáilíocht chaipitil níos airde ná an caighdeán a shonraítear sa mhír roimhe seo. Ba cheart go mbeadh údar maith leis an gcinneadh, agus go ndíreofaí aird ar na tosca sonracha a bhí mar bhonn leis, agus staid riosca aonair na hinstitiúide á cur san áireamh agus cásanna á mbreithniú ina bhféadfadh cáilíocht níos airde caipitil a bheith de dhíth chun caillteanais ionchasacha a chlúdach dá dtiocfadh riosca na giarála iomarcaí i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|