+483. Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil …
|
483. Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil …
Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil struis mhaoirseachta a úsáid chun SREP a éascú agus, go háirithe, measúnú maoirseachta ar a phríomhghnéithe, mar a thuairiscítear i dTeideal 4 go Teideal 8. Ba cheart tosca ESG a chomhtháthú i dtástáil struis mhaoirseachta i gcomhréir leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le rioscaí ESG a chomhtháthú i dtástálacha struis mhaoirseachta, agus tús áite á tabhairt do rioscaí comhshaoil. Go háirithe, ba cheart go gcuideodh tástáil struis maoirseachta leis na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, leis an méid seo a leanas: - a. rioscaí aonair institiúidí maidir le caipiteal a mheasúnú mar a dtagraítear dó i dTeideal 6, nó ar rioscaí do leachtacht agus do chistiú dá dtagraítear i dTeideal 8;
- b. iontaofacht chláir tástála struis na n-institiúidí a mheasúnú, chomh maith le hábharthacht, déine agus inchreidteacht na gcásanna do thástálacha struis na n-institiúidí féin a úsáidtear chun críocha an ICAAP agus an ILAAP. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin dúshlán a thabhairt do phríomhbhoinn tuisceana agus do chúiseanna riosca institiúidí;
- c. measúnú a dhéanamh ar chumas na n-institiúidí TSCR agus OCR a chomhlíonadh i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar leordhóthanacht caipitil, mar a shonraítear i Rannóg 7.7. Ag brath ar chlúdach agus ar chineál na tástála struis maoirseachta, ní fhéadfar an measúnú seo a theorannú ach do roinnt gnéithe den TSCR atá clúdaithe ag gnéithe deartha na tástála struis maoirseachta (e.g. ceanglais P2R le haghaidh catagóirí aonair riosca, más rud é nach gclúdaionn an tástáil struis ach catagóirí riosca den sórt sin amháin);
- d. P2G a chinneadh le haghaidh institiúidí;
- e. leochaileachtaí nó laigí a d’fhéadfadh a bheith i mbainistíocht riosca agus rialuithe institiúidí ar réimsí aonair riosca a shainaithint;
- f. easnaimh féideartha sna socruithe rialachais fhoriomlána nó sna rialuithe ar fud na hinstitiúide a dtagraítear dóibh i dTeideal 5 a shainathint. Go háirithe, má shainaithníonn údarás inniúil trí bhíthin tástála struis maoirseachta, easnaimh i gcláir tástála struis na hinstitiúide féin nó i mbonneagar sonraí riosca tacaíochta, ba cheart iad sin a chur san áireamh agus creat rialachais agus bainistíocht riosca foriomlán na hinstitiúide sin á measúnú.
- g. ceanglais shonracha leachtachta chainníochtúla a chinneadh i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta, go háirithe i gcás nach bhfuil tagarmharcanna sonracha maoirseachta forbartha ag údarás inniúil le haghaidh ceanglais leachtachta. Ba cheart gnéithe áirithe de na tástálacha struis maoirseachta leachtachta a úsáid, i gcás inar cuí, mar ionchuir agus riachtanais leachtachta shonracha á socrú d'institiúidí, mar a shonraítear i Rannóg 8.6.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|