+11.1. Tástáil struis mhaoirseachta á húsáid ag údaráis inniúla
---+483. Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil …
---+484. Ina theannta sin, ba cheart go gcabhródh tástáil struis maoirseachta le húdaráis inniúla …
---+485. Ba cheart d'údaráis inniúla freisin, i gcás inarbh fhiúntach, torthaí tástála struis …

11.1. Tástáil struis mhaoirseachta á húsáid ag údaráis inniúla

11.1. Tástáil struis mhaoirseachta á húsáid ag údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
483. Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil …

Ba cheart d’údaráis inniúla, ar bhonn Airteagal 100 de Threoir 2013/36/AE freisin, tástáil struis mhaoirseachta a úsáid chun SREP a éascú agus, go háirithe, measúnú maoirseachta ar a phríomhghnéithe, mar a thuairiscítear i dTeideal 4 go Teideal 8. Ba cheart tosca ESG a chomhtháthú i dtástáil struis mhaoirseachta i gcomhréir leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le rioscaí ESG a chomhtháthú i dtástálacha struis mhaoirseachta, agus tús áite á tabhairt do rioscaí comhshaoil. Go háirithe, ba cheart go gcuideodh tástáil struis maoirseachta leis na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, leis an méid seo a leanas:

  • a. rioscaí aonair institiúidí maidir le caipiteal a mheasúnú mar a dtagraítear dó i dTeideal 6, nó ar rioscaí do leachtacht agus do chistiú dá dtagraítear i dTeideal 8;
  • b. iontaofacht chláir tástála struis na n-institiúidí a mheasúnú, chomh maith le hábharthacht, déine agus inchreidteacht na gcásanna do thástálacha struis na n-institiúidí féin a úsáidtear chun críocha an ICAAP agus an ILAAP. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin dúshlán a thabhairt do phríomhbhoinn tuisceana agus do chúiseanna riosca institiúidí;
  • c. measúnú a dhéanamh ar chumas na n-institiúidí TSCR agus OCR a chomhlíonadh i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar leordhóthanacht caipitil, mar a shonraítear i Rannóg 7.7. Ag brath ar chlúdach agus ar chineál na tástála struis maoirseachta, ní fhéadfar an measúnú seo a theorannú ach do roinnt gnéithe den TSCR atá clúdaithe ag gnéithe deartha na tástála struis maoirseachta (e.g. ceanglais P2R le haghaidh catagóirí aonair riosca, más rud é nach gclúdaionn an tástáil struis ach catagóirí riosca den sórt sin amháin);
  • d. P2G a chinneadh le haghaidh institiúidí;
  • e. leochaileachtaí nó laigí a d’fhéadfadh a bheith i mbainistíocht riosca agus rialuithe institiúidí ar réimsí aonair riosca a shainaithint;
  • f. easnaimh féideartha sna socruithe rialachais fhoriomlána nó sna rialuithe ar fud na hinstitiúide a dtagraítear dóibh i dTeideal 5 a shainathint. Go háirithe, má shainaithníonn údarás inniúil trí bhíthin tástála struis maoirseachta, easnaimh i gcláir tástála struis na hinstitiúide féin nó i mbonneagar sonraí riosca tacaíochta, ba cheart iad sin a chur san áireamh agus creat rialachais agus bainistíocht riosca foriomlán na hinstitiúide sin á measúnú.
  • g. ceanglais shonracha leachtachta chainníochtúla a chinneadh i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta, go háirithe i gcás nach bhfuil tagarmharcanna sonracha maoirseachta forbartha ag údarás inniúil le haghaidh ceanglais leachtachta. Ba cheart gnéithe áirithe de na tástálacha struis maoirseachta leachtachta a úsáid, i gcás inar cuí, mar ionchuir agus riachtanais leachtachta shonracha á socrú d'institiúidí, mar a shonraítear i Rannóg 8.6.
484. Ina theannta sin, ba cheart go gcabhródh tástáil struis maoirseachta le húdaráis inniúla …

Ina theannta sin, ba cheart go gcabhródh tástáil struis maoirseachta le húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar nósanna imeachta eagraíochtúla maoirseachta agus acmhainní maoirseachta a phleanáil, agus faisnéis ábhartha eile á breithniú freisin, go háirithe maidir le measúnú níos rialta agus níos doimhne ar ghnéithe áirithe SREP i gcás institiúidí nach de chatagóir 1 iad, agus chun críocha raon feidhme an chláir um scrúdú maoirseachta a cheanglaítear le hAirteagal 99 de Threoir 2013/36/AE a chinneadh.

485. Ba cheart d'údaráis inniúla freisin, i gcás inarbh fhiúntach, torthaí tástála struis …

Ba cheart d'údaráis inniúla freisin, i gcás inarbh fhiúntach, torthaí tástála struis mhaoirseachta a úsáid chun:

  • a. tacú leis an anailís is gá chun críocha ceadanna agus údaruithe éagsúla a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó le Treoir 2013/36/AE a dheonú, mar shampla i ndáil le sealúchais cháilitheacha, cumaisc agus éadálacha, agus ceannach ar ais scaireanna;
  • b. tacú le hanailís théamach ar na leochaileachtaí féideartha a bhaineann le grúpa institiúidí a bhfuil próifílí riosca comhchosúla acu;
  • c. tacú leis an anailís ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag fachtóirí ESG ar shamhail ghnó na n ‑ institiúidí ar bhonn anailís cháis mheántéarmach go fhadtéarmach a dhéantar i gcomhréir leis na Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le rioscaí ESG a chomhtháthú i dtástálacha struis mhaoirseachta;
  • d. institiúidí a spreagadh chun a gcumas tástála struis inmheánaigh agus bainistíochta riosca a fheabhsú: go háirithe, d’fhéadfadh tástáil struis mhaoirseachta a bhfuil comhpháirt ón mbun aníos aici institiúidí a spreagadh chun tuilleadh forbartha a dhéanamh agus a fheabhsú ar a gcomhiomlánú sonraí, samhaltú riosca agus uirlisí TF chun críocha tástála struis agus bainistithe riosca.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.