+1. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar údarú chun BTT a bhunú maidir leis …

1. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar údarú chun BTT a bhunú maidir leis …

Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar údarú chun BTT a bhunú maidir leis an gceannghnóthas is iarratasóir, agus an ceannghnóthas idirmheánach agus an máthairghnóthas deiridh, de réir mar is infheidhme:

  • a) ainm dlíthiúil, foirm dhlíthiúil, dáta agus áit chorpraithe, suíomh gréasáin nó bealaí cumarsáide eile na gceannghnóthas agus sonraí teagmhála an duine laistigh den cheannghnóthas is iarratasóir ar cheart teagmháil a dhéanamh leis maidir leis an iarratas. Nuair is ábhartha agus is infhaighte, ainm agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil, más ann dó, a úsáideadh chun an t-iarratas a ullmhú;
  • b) tír agus seoladh oifig chláraithe an cheannghnóthais is iarratasóir, agus an cheannghnóthais idirmheánaigh agus an mháthairghnóthais deiridh agus, i gcás ina bhfuil siad difriúil, tír agus seoladh a cheanncheathrún riaracháin;
  • c) más infheidhme, ainm an chláir phoiblí ina bhfuil an ceannghnóthas agus an uimhir chláraithe ghaolmhar agus, más féidir, a Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI);
  • d) deimhniú go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhfuil údarú á lorg ag an gceannghnóthas is iarratasóir ina leith sa Bhallstát cumhdaithe ag an údarú atá ag an gceannghnóthas is iarratasóir sin sa tríú tír ina bhfuil sé bunaithe agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta. Más ábhartha, míniú ar an gcomhfhreagras idir na gníomhaíochtaí atá údaraithe sa tríú tír agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i dTeideal I de CRD. I gcás nach bhfuil iasachtú nó soláthar ráthaíochtaí agus gealltanais a bhfuil sé beartaithe ag an gceannghnóthas is iarratasóir a sholáthar sa Bhallstát tríd an BTT faoi réir údarú sa tríú tír, ba cheart don cheannghnóthas is iarratasóir a shoiléiriú san iarratas go bhfuil an chroísheirbhís baincéireachta mar chuid dá ghnáthchúrsa gnó, agus go bhfuil sé faoi réir rialála agus maoirseachta stuamachta (go háirithe go bhfuil na rioscaí go léir a bhaineann le croísheirbhísí baincéireachta den sórt sin gafa ag an gcreat bainistíochta riosca agus go léirítear iad sna cóimheasa agus sna ceanglais chaipitil);
  • e) ainm, aonad eagraíochtúil, agus sonraí teagmhála na ndaoine teagmhála ábhartha laistigh d’údarás inniúil nó d’údaráis inniúla tríú tír atá i gceannas ar mhaoirseacht an cheannghnóthais is iarratasóir agus an cheannghnóthais idirmheánaigh agus an mháthairghnóthais deiridh, nó chun maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha, murab ionann iad;
  • f) dearbhú go bhfuil an t-iarratas ar údarú chun BTT a bhunú sa Bhallstát agus an doiciméadacht ghaolmhar de réir Airteagal 48c(4), pointe (c) de CRD curtha in iúl d'údarás inniúil tríú tír an cheannghnóthais is iarratasóir.

6

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.