+6. Measúnú ar an gceanglas íosta maidir le dearlaic chaipitil
---+36. Ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go mbeidh an dearlaic chaipitil sheasta íosta is …
---+37. Ba cheart d’údaráis incháilitheacht na n-ionstraimí lena gcomhdhéantar an dearlaic chaipitil a …
---+38. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an …
---+39. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlíthiúil na n-ionstraimí agus …
---+40. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na hionstraimí incháilithe a chomhlíonann an …

6. Measúnú ar an gceanglas íosta maidir le dearlaic chaipitil

6. Measúnú ar an gceanglas íosta maidir le dearlaic chaipitil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
36. Ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go mbeidh an dearlaic chaipitil sheasta íosta is …

Ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go mbeidh an dearlaic chaipitil sheasta íosta is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 48e(1), pointí (a) nó (b) CRD ag an BTT atá beartaithe tráth a údaraithe, ag brath ar cibé acu atá an BTT is iarratasóir aicmithe faoi aicme 1 nó aicme 2, bunaithe ar mheasúnú foriomlán an údaráis inniúil ar an iarratas i i leith na n-eilimintí atá liostaithe in Airteagal 48a(1) agus (2) de CRD. Ar aon dul leis sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an dearlaic chaipitil íosta meán na ndliteanas réamh-mheasta don tréimhse ionchais 3 bliana den phlean gnó.

37. Ba cheart d’údaráis incháilitheacht na n-ionstraimí lena gcomhdhéantar an dearlaic chaipitil a …

Ba cheart d’údaráis incháilitheacht na n-ionstraimí lena gcomhdhéantar an dearlaic chaipitil a dheimhniú, go háirithe go bhfuil siad ar fáil lena n-úsáid gan srian agus láithreach ag an BTT chun rioscaí nó caillteanais a chumhdach a luaithe a tharlaíonn na rioscaí nó na caillteanais sin agus go bhfuil siad oiriúnach lena dtaisceadh i gcuntas eascró de réir Airteagal 48e(3) de CRD, de réir na gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 48e(2) de CRD agus le Treoirlínte ÚBE maidir leis na hionstraimí lena gcomhlíontar ceanglais don dearlaic chaipitil.

38. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an …

Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an dréachtchonradh/na dréachtchonarthaí chun na sócmhainní incháilithe a chur i dtaisce i gcuntas eascró i gcomhréir le hAirteagal 48e(3) de CRD. Go sonrach, ba cheart dóibh a fhíorú ‘go bhfuil an cuntas eascró á choinneáil sa Bhallstát inar údaraíodh an brainse le hinstitiúid chreidmheasa nach bhfuil mar chuid de ghrúpa a cheannghnóthais nó, i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, le banc ceannais an Bhallstáit’. Ina theannta sin, agus na híoscheanglais oibríochtúla a leagtar amach i Treoirlínte ÚBE maidir leis na hionstraimí a chomhlíonann ceanglais maidir le dearlaic chaipitil á gcur san áireamh, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas go n-áirithítear leis na forálacha conarthacha go gcomhlíontar an ceanglas íosta maidir le dearlaic chaipitil i gcónaí agus infhaighteacht na n-ionstraimí incháilithe sin i gcás réiteach nó foirceannadh an bhrainse tríú tír de réir Airteagal 48e(3) CRD.

39. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlíthiúil na n-ionstraimí agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlíthiúil na n-ionstraimí agus go bhfuil socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun a chinntiú go gcoinnítear iad ar leabhair an BTT.

40. Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na hionstraimí incháilithe a chomhlíonann an …

Ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na hionstraimí incháilithe a chomhlíonann an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil taiscthe sa chuntas eascró ag an gceannghnóthas is iarratasóir. Sa chás nach bhfuil na hionstraimí incháilithe sin taiscthe go páirteach nó go hiomlán fós tráth a gcuirtear isteach an t-iarratas ar údarú, ba cheart d’údaráis inniúla a chinntiú go bhfuil gealltanas tugtha ag an gceannghnóthas is iarratasóir san iarratas ar údarú na n-ionstraimí incháilithe sin a chur i dtaisce ar a dhéanaí roimh an nóiméad a bheidh éifeacht ag an údarú chun BTT a bhunú, nuair a dheonaítear é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.