+Airteagal 17 Measúnú ar leordhóthanacht an chláir tástála struis
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
|
Airteagal 17 Measúnú ar leordhóthanacht an chláir tástála struis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht an chláir tástála struis dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (g), agus Airteagal 325bp(7), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déanann an institiúid athbhreithniú go bliantúil ar a laghad ar chásanna a chuirtear i bhfeidhm mar chuid den chlár tástála struis;
|
|
(b)
|
déanann an t-aonad rialaithe riosca na cásanna tástála struis a chinntear sa chlár tástála struis a reáchtáil go minic agus gach mí ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí trádála nach beag ag an institiúid;
|
|
(c)
|
is é atá sna cásanna atá le cur i bhfeidhm mar chuid den chlár tástála struis, cé is moite de chásanna a breathnaíodh go stairiúil nó cásanna hipitéiseacha, cásanna a leanann as tástáil struis droim ar ais agus cásanna ad hoc atá ceaptha aghaidh a thabhairt ar spreagthaí riosca sonracha ábhartha;
|
|
(d)
|
déantar athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad ar na cásanna dá dtagraítear i bpointe (c).
|
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), chun measúnú a dhéanamh ar réasúntacht eilimintí na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, lena n-áirítear an ceanglas cistí dílse breise le haghaidh riosca mainneachtana, i gcás ina gcuirtear na ceanglais cistí dílse sin i gcomparáid le caillteanais fhéideartha a eascraíonn as cásanna margaidh atá tromchúiseach ach sochreidte.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Chun críocha mhír 2, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid na nithe uile seo a leanas nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh aici ar réasúntacht thoimhdí na samhla le haghaidh riosca mainneachtana, go háirithe maidir le comhchruinnithe riosca creidmheasa a ghabháil:
|
(a)
|
caillteanais a eascraíonn as teagmhais, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa;
|
|
(b)
|
íosghráduithe rátála hipitéiseacha;
|
|
(c)
|
teagmhais mhargaidh i ndáil le cineálacha eisitheoirí sonracha;
|
|
(d)
|
athruithe ar chineálacha agus paraiméadair copailí, i gcás ina samhaltaítear go sainráite iad.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|