+Airteagal 36 Measúnú ar na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne le haghaidh cheanglais na cúltástála
---+Airteagal 36 1
---+Airteagal 36 2
---+Airteagal 36 3
|
Airteagal 36 Measúnú ar na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne le haghaidh cheanglais na cúltástála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne, fíoróidh siad cé acu is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin nó nach ea:
|
(a)
|
sonraítear na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, agus i gcás inarb infheidhme, na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 1(5), pointe (c), den Rialachán sin;
|
|
(b)
|
ceanglaítear go gcuirfear tuarascáil thréimhsiúil ar fáil, agus, i gcás ina ndéantar na heilimintí éagsúla a chuireann leis na hathruithe ar luach na punainne a dhícheangal, figiúirí laethúla, lena n-áirítear:
|
(i)
|
na hathruithe a bhaineann le heilimintí a bhaintear den luach deiridh lae chun na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha a fháil i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, lena n-áirítear na cinn siúd a bhaineann le gníomhaíochtaí trádála ionlae;
|
|
(ii)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a áirítear sa luach deiridh lae ach nach n-áirítear sa ríomh ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a áirítear sa luach deiridh lae agus sa ríomh ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iv)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a eascraíonn as an bpróiseas maidir le fíorú neamhspleách ar phraghsanna dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(c)
|
ceanglaítear go gcuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (b) ar fáil ar leibhéal gach deisce trádála faoi réir cheanglais chúltástála na deisce trádála i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, agus ar leibhéal na punainne faoi réir ceanglais chúltástála i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(d)
|
sonraítear na próisis cheartúcháin atá le leanúint agus na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha á ríomh i gcás teagmhas, eisceachtaí, earráidí agus teipeanna praghsála.
|
|
|
Airteagal 36 2
|
2. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine nó nach gcuirtear, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
i ndáil le ríomh na n-athruithe iarbhír ar luach phunann na deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo agus an achoimre ar na difríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(1)
|
na heilimintí atá difriúil idir na hathruithe ar luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae agus na hathruithe iarbhír a shainaithint;
|
|
(2)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na heilimintí a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (1) teoranta do tháillí agus do choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad teoranta do na coigeartuithe sin nach mór a eisiamh nó a fhéadfar a eisiamh ó na hathruithe iarbhír, mar a leagtar síos in Airteagal 1(3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(ii)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear na coigeartuithe a eascraíonn as an bhfíorú praghais neamhspleách sna hathruithe iarbhír ar luach phunann na deisce trádála, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
a fhíorú cé acu a léirítear nó nach léirítear an t-imeacht ama dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i ríomh na n-athruithe iarbhír, agus cé acu a léirítear nó nach léirítear an t-imeacht ama sin ar an mbealach céanna agus a léirítear é sa ríomh ar na luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae;
|
|
(iv)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an institiúid meastóireacht ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann coigeartú le riosca margaidh, dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 agus, trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a eisiatar nó nach n-eisiatar na coigeartuithe sin nach mbaineann le riosca margaidh ón ríomh ar na hathruithe iarbhír;
|
|
(v)
|
trí chomparáid a dhéanamh idir na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo ar rátaí éagsúla, a fhíorú cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an institiúid athruithe ar luachanna coigeartuithe ar na dátaí a ríomhtar an coigeartú agus ar na dátaí sin amháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(vi)
|
a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear le raon feidhme na suíomhanna ar a ríomhtar an coigeartú suíomhanna a shanntar don deasc thrádála agus na suíomhanna sin amháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 1(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(vii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na coigeartuithe a fhéadfar a eisiamh ó na hathruithe iarbhír de bhun Airteagal 1(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 neamhshuimitheach;
|
|
(viii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i gcomhréir leis an bhfianaise a eascraíonn as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo;
|
|
|
(b)
|
i ndáil le ríomh na n-athruithe iarbhír ar luach na punainne dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo agus an achoimre ar na difríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(1)
|
na heilimintí atá difriúil idir na hathruithe ar luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae agus na hathruithe iarbhír a shainaithint;
|
|
(2)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na heilimintí dá dtagraítear i bpointe (1) teoranta do tháillí agus do choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus do na coigeartuithe sin nach mór a eisiamh nó a fhéadfar a eisiamh ó na hathruithe iarbhír de bhun Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(ii)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a áirítear nó nach n-áirítear na coigeartuithe a eascraíonn as an bhfíorú praghais neamhspleách sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
a fhíorú cé acu a léirítear nó nach léirítear an t-imeacht ama dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i ríomh na n-athruithe iarbhír, agus cé acu a léirítear nó nach léirítear an t-imeacht ama sin ar an mbealach céanna agus a léirítear é sa ríomh ar na luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae;
|
|
(iv)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an institiúid meastóireacht ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann coigeartú le riosca margaidh dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 agus, trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a eisiatar nó nach n-eisiatar na cinn siúd nach mbaineann le riosca margaidh ón ríomh ar na hathruithe iarbhír;
|
|
(v)
|
a fhíorú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, cibé acu a chomhdhéantar raon feidhme na suíomhanna ar a ríomhtar coigeartú as:
|
(1)
|
suíomhanna a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(2)
|
na suíomhanna uile faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh;
|
|
|
(vi)
|
trí chomparáid a dhéanamh idir na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo ar rátaí éagsúla, a fhíorú cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an institiúid athruithe ar luachanna coigeartuithe ar na dátaí a athríomhtar an coigeartú agus ar na dátaí sin amháin i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(vii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i gcomhréir leis an bhfianaise a eascraíonn as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo;
|
|
|
(c)
|
i ndáil le ríomh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach phunann na deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, na heilimintí atá difriúil idir na hathruithe ar luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae agus na hathruithe hipitéiseacha a shainaithint, agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na heilimintí sin teoranta do na nithe seo a leanas:
|
(1)
|
táillí agus coimisiúin;
|
|
(2)
|
do na heilimintí siúd nach ngabhtar de bharr na toimhdean go bhfuil na suíomhanna gan athrú dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(3)
|
na coigeartuithe siúd nach mór a eisiamh nó a fhéadfar a eisiamh ó na hathruithe hipitéiseacha mar a leagtar síos in Airteagal 3(3) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu a léirítear nó nach léirítear éifeacht an imeachta ama sna hathruithe hipitéiseacha i gcomhréir leis an láimhseáil a chuireann an institiúid i bhfeidhm maidir leis an éifeacht sin agus an beart riosca easnaimh ionchasaigh á ríomh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an beart riosca maidir le cás struis á ríomh dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an institiúid meastóireacht ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann coigeartú le riosca margaidh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 agus, trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a eisiatar nó nach n-eisiatar na coigeartuithe sin nach mbaineann le riosca margaidh ón ríomh ar na hathruithe hipitéiseacha;
|
|
(iv)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú nach n-áirítear ach amháin coigeartuithe a ríomhtar go laethúil agus a áirítear i samhail tomhais riosca na hinstitiúide mar chuid de na hathruithe hipitéiseacha, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(v)
|
a fhíorú go n-áirítear le raon feidhme na suíomhanna ar a ríomhtar an coigeartú suíomhanna a shanntar don deasc thrádála agus na suíomhanna sin amháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(vi)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na coigeartuithe a eisiatar ó na hathruithe hipitéiseacha de bhun Airteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 neamhshuimitheach;
|
|
(vii)
|
trí úsáid a bhaint as an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (c)(viii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, a fhíorú cé acu is iomchuí an mhodheolaíocht arna húsáid ag an institiúid chun athruithe ar luach coigeartaithe a ríomh nó nach ea, ag glacadh leis go bhfuil na suíomhanna gan athrú dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(viii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i gcomhréir leis an bhfianaise a eascraíonn as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo;
|
|
|
(d)
|
i ndáil le ríomh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach na punainne dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059:
|
(i)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo:
|
(1)
|
na heilimintí atá difriúil idir na hathruithe ar luachanna punainne deiridh lae a tháirgtear tríd an bpróiseas luachála deiridh lae agus na hathruithe hipitéiseacha a shainaithint;
|
|
(2)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na heilimintí dá dtagraítear i bpointe (1) teoranta do tháillí agus do choimisiún, do na heilimintí siúd nach ngabhtar de bharr na toimhdean go bhfuil na suíomhanna gan athrú dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus do na coigeartuithe sin nach mór a eisiamh nó a fhéadfar a eisiamh ó na hathruithe hipitéiseacha i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu a léirítear nó nach léirítear éifeacht an imeachta ama sna hathruithe hipitéiseacha i gcomhréir leis an láimhseáil a chuireann an institiúid i bhfeidhm maidir leis an éifeacht sin agus an beart riosca easnaimh ionchasaigh á ríomh dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an beart riosca maidir le cás struis á ríomh dá dtagraítear in Airteagal 325bk den Rialachán sin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an institiúid meastóireacht ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann coigeartú le riosca margaidh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 agus, trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú go n-eisiatar na cinn siúd nach mbaineann le riosca margaidh ón ríomh ar na hathruithe hipitéiseacha;
|
|
(iv)
|
trí úsáid a bhaint as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo, a fhíorú nach n-áirítear ach amháin coigeartuithe a ríomhtar go laethúil agus a áirítear i samhail tomhais riosca na hinstitiúide mar chuid de na hathruithe hipitéiseacha, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(v)
|
a fhíorú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, cibé acu a chomhdhéantar raon feidhme na suíomhanna ar a ríomhtar coigeartú as:
|
(1)
|
suíomhanna a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(2)
|
na suíomhanna uile faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh;
|
|
|
(vi)
|
trí úsáid a bhaint as an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (c)(viii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, a fhíorú cé acu is iomchuí an mhodheolaíocht arna húsáid ag an institiúid chun athruithe ar luach coigeartaithe a ríomh nó nach ea, ag glacadh leis go bhfuil na suíomhanna gan athrú dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(vii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 i gcomhréir leis an bhfianaise a eascraíonn as na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo;
|
|
|
(e)
|
i ndáil leis na próisis arna leanúint ag an institiúid chun athruithe iarbhír agus hipitéiseacha a ríomh:
|
(i)
|
maidir leis an bpróiseas chun suíomh a mhapáil chuig aon deasc thrádála amháin, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sé láidir;
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na próisis cheartúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) láidir, agus cé acu a leantar nó nach leantar sa chleachtas iad aon uair a tharlaíonn teagmhais, eisceachtaí, earráidí agus teipeanna praghsála;
|
|
(iii)
|
a fhíorú conas a láimhseáiltear suíomhanna neamhleachtacha sa phróiseas luachála deiridh lae agus sa phróiseas maidir le fíorú neamhspleách ar phraghsanna.
|
|
Chun críocha phointí (a)(vi), (b)(v)(i), (c)(v) agus (d)(v)(1), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a dhíorthaíonn nó nach ndíorthaíonn an institiúid an coigeartú is infheidhme maidir leis an deasc thrádála ó raon feidhme níos leithne de shuíomhanna ná na cinn siúd arna sannadh don deasc thrádála.
Chun críocha phointe (a)(vii), déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar an gcaoi a mbainistíonn an institiúid na coigeartuithe sin ó thaobh rioscaí de.
Chun críocha phointí (b)(v)(ii) agus (d)(v)(2), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu a áirítear nó nach n-áirítear an coigeartú iomlán arna ríomh ar an raon feidhme sin sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne.
Chun críocha phointe (c)(vi), déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar an gcaoi a mbainistíonn an institiúid na coigeartuithe sin ó thaobh rioscaí de.
Chun críocha phointe (e)(ii), déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar stair na dteagmhas, na n-eisceachtaí, na n-earráidí, agus na dteipeanna praghsála sna ríomhanna ar na hathruithe ar luachanna na bpunann, déanfaidh siad measúnú ar an gcaoi ar leasaíodh iad agus, i gcás inarb ábhartha, ar thionchar na n-earráidí sin ar thorthaí na cúltástála agus na tástála ar shannadh brabúis agus caillteanais.
Chun críocha phointe (e)(iii), na húdaráis inniúla, i gcás nach n-eascraíonn aon athrú ar an luacháil deiridh lae ná ar athruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne as na suíomhanna sin de bharr sonraí rite, déanfaidh siad measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an tsamhail tomhais riosca réasúnta cruinn, d’ainneoin na heaspa sonraí, chun na rioscaí a bhaineann leis na suíomhanna sin a thomhas dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 36 3
|
3. Chun críocha mhír 2, pointí (a) go (d), féadfaidh na húdaráis inniúla aon cheann de na modhanna measúnúcháin seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
ar shampla d’idirbhearta, é a cheangal ar an institiúid na hathruithe ar an luach deiridh lae mar thoradh ar an bpróiseas luachála deiridh lae, na hathruithe iarbhír agus na hathruithe hipitéiseacha a ríomh agus a réiteach;
|
|
(b)
|
ar shampla d’idirbhearta, é a cheangal ar an institiúid na hathruithe hipitéiseacha agus na hathruithe teoiriciúla a bhaineann le riosca a ríomh, agus a fhíorú cé acu a ghabhtar nó nach ngabhtar éifeacht an imeachta ama go comhsheasmhach;
|
|
(c)
|
comparáid a dhéanamh idir próifíl na n-athruithe hipitéiseacha carnacha ar luach na punainne i gcaitheamh tréimhse ama ar leith agus na hathruithe carnacha comhfhreagracha iarbhír i gcaitheamh na tréimhse céanna chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht na ríomhanna arna ndéanamh ag an institiúid.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|