+Airteagal 36 1
|
Airteagal 36 1
1. Le linn do na húdaráis inniúla a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis na heilimintí teicniúla atá le háireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne, fíoróidh siad cé acu is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na beartais inmheánacha dá dtagraítear sa phointe sin nó nach ea:
|
(a)
|
sonraítear na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, agus i gcás inarb infheidhme, na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 1(5), pointe (c), den Rialachán sin;
|
|
(b)
|
ceanglaítear go gcuirfear tuarascáil thréimhsiúil ar fáil, agus, i gcás ina ndéantar na heilimintí éagsúla a chuireann leis na hathruithe ar luach na punainne a dhícheangal, figiúirí laethúla, lena n-áirítear:
|
(i)
|
na hathruithe a bhaineann le heilimintí a bhaintear den luach deiridh lae chun na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha a fháil i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, lena n-áirítear na cinn siúd a bhaineann le gníomhaíochtaí trádála ionlae;
|
|
(ii)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a áirítear sa luach deiridh lae ach nach n-áirítear sa ríomh ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iii)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a áirítear sa luach deiridh lae agus sa ríomh ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(iv)
|
na hathruithe a bhaineann le coigeartuithe a eascraíonn as an bpróiseas maidir le fíorú neamhspleách ar phraghsanna dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
|
(c)
|
ceanglaítear go gcuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (b) ar fáil ar leibhéal gach deisce trádála faoi réir cheanglais chúltástála na deisce trádála i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059, agus ar leibhéal na punainne faoi réir ceanglais chúltástála i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;
|
|
(d)
|
sonraítear na próisis cheartúcháin atá le leanúint agus na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha á ríomh i gcás teagmhas, eisceachtaí, earráidí agus teipeanna praghsála.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|