1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine i ndáil le raon feidhme na suíomhanna faoi réir an cheanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bl de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear le córais inmheánacha na hinstitiúide, maidir leis na suíomhanna uile ina bhfuil fachtóir riosca amháin ar a laghad a rinneadh a mhapáil ar na catagóirí leathana fachtóirí riosca ‘cothromas’ nó ‘raon difríochta creidmheasa’, dá dtagraítear in Airteagal 325bd(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go n-áirítear i raon feidhme an cheanglais cistí dílse breise maidir le riosca mainneachtana iad;
|
|
(b)
|
forléargas a fháil ar an riosca mainneachtana i bpunann na hinstitiúide, trína cheangal ar an institiúid fardal de shuímh a sholáthar arna gcomhiomlánú de réir toise amháin nó níos mó mar aon leis na neamhchosaintí comhfhreagracha mainneachtana gan choinne arna gcomhiomlánú.
|
Chun críocha phointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla an chomhsheasmhacht idir an mhapáil agus na fardail dá dtagraítear in Airteagail 33(1), 48(1) agus Airteagal 49(1).
Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla, ag brath ar an bpunann, é a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhiomlánú de réir toisí éagsúla, lena n-áirítear de réir na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
suíomhanna a bhfuil an rátáil chéanna acu;
|
|
(b)
|
suíomhanna a thagann faoin aicme neamhchosanta chéanna;
|
|
(c)
|
suíomhanna ag a bhfuil na fachtóirí riosca córasacha céanna agus atá ag na cinn siúd dá dtagraítear in Airteagal 325bp(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|