+Airteagal 46 Measúnú ar raon feidhme na suíomhanna faoi réir riosca mainneachtana
---+Airteagal 46 1
---+Airteagal 46 2

Airteagal 46 Measúnú ar raon feidhme na suíomhanna faoi réir riosca mainneachtana

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine i ndáil le raon feidhme na suíomhanna faoi réir an cheanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bl de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:

(a)

a fhíorú cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear le córais inmheánacha na hinstitiúide, maidir leis na suíomhanna uile ina bhfuil fachtóir riosca amháin ar a laghad a rinneadh a mhapáil ar na catagóirí leathana fachtóirí riosca ‘cothromas’ nó ‘raon difríochta creidmheasa’, dá dtagraítear in Airteagal 325bd(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go n-áirítear i raon feidhme an cheanglais cistí dílse breise maidir le riosca mainneachtana iad;

(b)

forléargas a fháil ar an riosca mainneachtana i bpunann na hinstitiúide, trína cheangal ar an institiúid fardal de shuímh a sholáthar arna gcomhiomlánú de réir toise amháin nó níos mó mar aon leis na neamhchosaintí comhfhreagracha mainneachtana gan choinne arna gcomhiomlánú.

Chun críocha phointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla an chomhsheasmhacht idir an mhapáil agus na fardail dá dtagraítear in Airteagail 33(1), 48(1) agus Airteagal 49(1).

Chun críocha phointe (b), féadfaidh na húdaráis inniúla, ag brath ar an bpunann, é a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhiomlánú de réir toisí éagsúla, lena n-áirítear de réir na nithe seo a leanas:

(a)

suíomhanna a bhfuil an rátáil chéanna acu;

(b)

suíomhanna a thagann faoin aicme neamhchosanta chéanna;

(c)

suíomhanna ag a bhfuil na fachtóirí riosca córasacha céanna agus atá ag na cinn siúd dá dtagraítear in Airteagal 325bp(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 46 2

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

é a cheangal ar an institiúid an liosta de na suíomhanna arna sannadh do dheasca trádála a sholáthar, ar ina leith a deonaíodh cead don institiúid samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a úsáid nó atáthar i mbun an cead sin a dheonú di faoi láthair;

(b)

é a cheangal ar an institiúid na suíomhanna siúd a shainaithint ina bhfuil fachtóir riosca a rinneadh a mhapáil ar an gcatagóir leathan fachtóirí riosca ‘cothromas’ nó ar an gcatagóir leathan fachtóirí riosca ‘raon difríochta creidmheasa’, dá dtagraítear in Airteagal 325bd(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar aon leis an bhfiachas trádáilte nó ionstraim chothromais chomhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 325bi den Rialachán sin;

(c)

cruinneas an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) agus ar chruinneas an sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (b) a fhíorú;

(d)

a fhíorú, maidir le sampla d’ionstraimí arna sainaithint i bpointe (b), cé acu atá nó nach bhfuil na hionstraimí sin faoi raon feidhme na n-ionstraimí a áirítear i ríomh an cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.