+Airteagal 48 Measúnú ar dhóchúlachtaí mainneachtana
---+Airteagal 48 1
---+Airteagal 48 2
---+Airteagal 48 3
|
Airteagal 48 Measúnú ar dhóchúlachtaí mainneachtana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na ceanglais maidir leis an meastachán ar dhóchúlachtaí mainneachtana, fíoróidh siad cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an doiciméadacht inmheánach na gnéithe uile a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena sonrófar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
na modhanna a úsáideann an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana, lena n-áirítear ábharthacht gach modha éagsúil i dtéarmaí an lín eisitheoirí, méid na suíomhanna, agus rannchuidiú le ceanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana;
|
|
(b)
|
i gcás gach eisitheora, luach na dóchúlachta mainneachtana, an rátáil, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tá an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear í i gcás na neamhchosanta leabhair trádála de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(5), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(ii)
|
níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an institiúid leas as cur chuige IRB chun dóchúlacht mainneachtana an eisitheora a fháil de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(5), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar an mbonn go bhfuil formheas IRB ag an institiúid maidir leis an aicme neamhchosanta lena mbaineann neamhchosaint an eisitheora;
|
|
(iii)
|
níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann ceanglais chur chuige IRB a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;
|
|
(iv)
|
níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 1(3) nó (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;
|
|
(v)
|
níl an dóchúlacht mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála an eisitheora, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun an dóchúlacht mainneachtana sin a fháil;
|
|
|
(c)
|
i gcás na n-eisitheoirí uile, an aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena mbaineann a neamhchosaint;
|
|
(d)
|
i gcás na n-eisitheoirí a dtagtar ar mheastachán ar dhóchúlacht mainneachtana ina leith trí úsáid a bhaint as foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, cé acu a thagtar nó nach dtagtar ar an meastachán in éineacht le praghsanna margaidh mar atá faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 325bp(5), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 2(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578.
|
|
|
Airteagal 48 2
|
2. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear samhail inmheánach institiúide chun feidhme ina hiomláine, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bi(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir leis an meastachán ar dhóchúlachtaí mainneachtana, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana agus na hionchuir sonraí a úsáidtear chun iad a dhíorthú, tugtar cothrom le dáta iad ar mhinicíocht a áirithíonn go bhfuil na ceanglais cistí dílse maidir le riosca mainneachtana riosca-íogair
|
|
(ii)
|
déantar aon fhaisnéis ábhartha nua a léiriú in am trátha, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
|
(b)
|
trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear íosteorainn leis na meastacháin uile de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(c)
|
a fhíorú, maidir le haon mhodh a úsáidtear chun dóchúlacht mainneachtana a scálú go dtí an t-ionchas ama is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 325bp(5), pointe (b), nó Airteagal 325bn(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé acu atá nó nach bhfuil sé fónta ó thaobh coincheapa de agus cé acu a thacaítear nó nach dtacaítear leis an modh sin le hanailís láidir;
|
|
(d)
|
a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(i)
|
i gcás ina ndéanann an institiúid meastachán ar an dóchúlacht mainneachtana trí úsáid a bhaint as an modh dá dtagraítear i mír 1, pointí (b)(iv) agus (b)(v), an sainmhíniú ar mhainneachtain arna úsáid ag an institiúid le haghaidh eisitheoirí faoi raon feidhme na samhla inmheánaí maidir leis an riosca mainneachtana, déantar é a dhoiciméadú i mbeartais inmheánacha na hinstitiúide;
|
|
(ii)
|
cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear difríochtaí ábhartha ar an sainmhíniú ar mhainneachtain a úsáidtear i gcreat IRB;
|
|
|
(e)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar breithniú ar laghduithe foircneacha ar phraghsanna margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325bp(5), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le linn don institiúid na meastacháin ar dhóchúlachtaí mainneachtana a chinneadh, agus más rud é go ndéantar breithniú den sórt sin, an chaoi a ndéantar amhlaidh, agus cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na laghduithe sin le hacmhainneacht creidmheasa eisitheora, agus más rud é go mbaineann, cén chaoi;
|
|
(f)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointí (b)(i) go (b)(iii) den Airteagal seo, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear san áireamh leis na dóchúlachtaí mainneachtana sin an corrlach coimeádachais dá dtagraítear in Airteagal 179(1), pointe (f), agus Airteagal 180(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(g)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(i):
|
(i)
|
maidir le haon leibhéal coimeádachais breise arna chur i bhfeidhm maidir leis na dóchúlachtaí mainneachtana faoi chur chuige IRB, a fhíorú cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad le linn an ceanglas maidir le riosca mainneachtana a ríomh;
|
|
(ii)
|
ar shampla d’eisitheoirí, a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh nach bhfuil difríocht sa dóchúlacht mainneachtana a úsáidtear i gcur chuige IRB ón gcur chuige a úsáidtear i ríomh an cheanglais maidir le riosca mainneachtana;
|
|
|
(h)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(ii):
|
(i)
|
a fhíorú cé acu a leantar nó nach leantar an próiseas chun an dóchúlacht mainneachtana a mheas faoi chur chuige IRB;
|
|
(ii)
|
ar shampla d’eisitheoirí, a fhíorú cé acu is comhionann nó nach comhionann an dóchúlacht mainneachtana a úsáidtear agus an ceann a tháirgfí leis na córais TF a úsáidtear faoi chur chuige IRB;
|
|
(iii)
|
measúnú a dhéanamh ar na hathróga ionchuir a úsáidtear sa phróiseas rátála i gcur chuige IRB agus a fhíorú, maidir le sampla d’eisitheoirí, cé acu is ann nó nach ann do na hionchuir sonraí agus cé acu atá nó nach bhfuil siad sách iontaofa chun dóchúlacht mainneachtana chruinn a chinneadh;
|
|
|
(i)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(iii), den Airteagal seo, athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha a chuireann an bailíochtú inmheánach nó an t-iniúchadh inmheánach ar fáil maidir le comhlíonadh na modheolaíochta inmheánaí a úsáidtear chun na dóchúlachtaí mainneachtana a fháil i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(j)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(iv):
|
(i)
|
maidir leis an doiciméadacht inmheánach lena dtacaítear le comhlíontacht na hinstitiúide leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sí iomlán;
|
|
(ii)
|
ar shampla d’eisitheoirí, measúnú a dhéanamh ar an réasúnaíocht a bhaineann le meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht mainneachtana gan úsáid a bhaint as an modheolaíocht inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, ná as na foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán Tarmligthe sin;
|
|
(iii)
|
ar shampla d’eisitheoirí a mbaineann an réasúnaíocht dá dtagraítear i bpointe (ii) ina leith leis an easpa sonraí ionchuir dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, a fhíorú cé acu a thugann nó nach dtugann an institiúid bunús leis an bhfíoras go bhfuil na sonraí ionchuir in easnamh;
|
|
(iv)
|
a fhíorú cé acu a shonraíonn nó nach sonraíonn an institiúid, mar chuid dá beartais inmheánacha, an tréimhse shealbhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, ar faoina bun a mheasann an institiúid gurb inghlactha gan úsáid a bhaint as an modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach le haghaidh chur chuige IRB, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an tréimhse shealbhaíochta sin i gcomhréir le punann na hinstitiúide, i dtéarmaí méide, castachta agus straitéis trádála;
|
|
(v)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar luach ‘m’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 agus, i gcás inarb infheidhme, é a cheangal ar an institiúid míniú a thabhairt maidir le foinse aon athraithe mhóir ar a luach i gcaitheamh na ráithí roimhe sin;
|
|
(vi)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas arna leanúint ag an institiúid chun imscrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil aon fhoinse sheachtrach bhreise ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c)(ii)(1), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578;
|
|
(vii)
|
i gcás ráithe inarb airde luach ‘m’ ná 10 %, a fhíorú gur láidir an anailís a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 1(2), pointe (c)(ii)(2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578;
|
|
(viii)
|
maidir le cinneadh na dóchúlachta mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 1, (3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar i gceart é, trí úsáid a bhaint as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus a fhíorú cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an institiúid an dóchúlacht mainneachtana is airde arna sannadh d’eisitheoirí gráid infheistíochta agus meán na ndóchúlachtaí mainneachtana arna ualú go cothrom a thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointí (a) agus (b), faoi seach, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, chomh minic céanna agus a ríomhtar an ceanglas maidir le riosca mainneachtana;
|
|
|
(k)
|
i gcás dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b)(v):
|
(i)
|
ar shampla d’eisitheoirí, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a úsáidtear chun an dóchúlacht mainneachtana a mheas ionadaíoch don eisitheoir;(ii)
|
|
(ii)
|
a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil ordlathas na bhfoinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 sonraithe go maith i ndoiciméadacht inmheánach na hinstitiúide agus a fhíorú, maidir le sampla d’eisitheoirí, cé acu atá nó nach bhfuil ordlathas na bhfoinsí seachtracha sin curtha chun feidhme i gceart;
|
|
(iii)
|
maidir leis an modheolaíocht arna húsáid ag an institiúid chun raon ionchasach na n-earráidí meastacháin a fháil dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sí fónta;
|
|
(iv)
|
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-áirithíonn an institiúid go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 2(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cásanna de dhóchúlachtaí mainneachtana arna socrú ar 0 sula gcuireann an institiúid an íosteorainn dá dtagraítear in Airteagal 325bp(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm;
|
|
(v)
|
i gcás inarb infheidhme, maidir leis an modh arna úsáid ag an institiúid chun na dóchúlachtaí mainneachtana a fhaightear in éineacht le praghsanna margaidh mar atá faoi láthair a aistriú ina ndóchúlacht san fhíorshaol, a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil sé fónta, agus cé acu atá nó nach bhfuil an anailís dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 láidir.
|
|
Chun críocha phointe (a), féadfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí:
|
(a)
|
eisitheoirí a shainaithint nár athraigh an dóchúlacht mainneachtana mheasta ina leith ar feadh tréimhse fhada;
|
|
(b)
|
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na meastacháin um dhóchúlacht mainneachtana cothrom le dáta;
|
|
(c)
|
a fhíorú cé acu is féidir nó nach féidir leis an institiúid na cúiseanna atá leis na luachanna gan athrú a mhíniú.
|
Chun críocha phointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla anailís ar ábharthacht agus ar shaintréithe na suíomhanna atá faoi réir na híosteorann, lena n-áirítear a rátáil agus a n-aicme neamhchosanta.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an t-ionchas ama éifeachtach a shainaithint, arb é an t-ionchas ama é a úsáidtear sula gcuirtear aon scálú i bhfeidhm chun an t-ionchas ama is infheidhme a fháil;
|
|
(b)
|
measúnú a dhéanamh ar an réasúnaíocht a bhaineann le hionchas ama difriúil a úsáid mar phointe tosaigh den scálú ná an t-ionchas ama is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 325bp(5), pointe (b), nó Airteagal 325bn(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
Chun críocha phointe (k)(i), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is léiriú nó nach léiriú atá sna sonraí a úsáidtear ar earnáil nó réigiún an eisitheora.
Chun críocha phointe (k)(iii), féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid anailís íogaireachta a sholáthar de réir phrionsabail na hanailíse íogaireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun measúnú a dhéanamh ar thionchar féideartha na n-athruithe ar mheastachán PD.
|
|
Airteagal 48 3
|
3. Chun críocha mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, é a cheangal ar institiúid meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana le modh eile i measc na modhanna a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus míniú a thabhairt faoi na difríochtaí sna torthaí a fhaightear.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|