+Airteagal 8 4
|
Airteagal 8 4
4. Úsáidfidh gach Ballstáit an measúnú riosca náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a réimis AML/CFT a fheabhsú, go háirithe trí réimsí a shainaithint ina bhfuil eintitis faoi oibleagáid chun bearta feabhsaithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta a bheidh le déanamh a shonrú;
|
|
(b)
|
earnálacha nó réimsí lena mbaineann riosca níos ísle nó níos mó maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a shainaithint, i gcás inarb iomchuí;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann le gach cineál duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina gcríoch agus le gach cineál socraithe dhlíthiúil a rialaítear faoin dlí náisiúnta nó a riartar ina gcríoch nó a bhfuil cónaí ar a iontaobhaithe nó ar dhaoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla ina gcríoch; agus tuiscint a bheith acu ar neamhchosaint ar rioscaí a eascraíonn as daoine dlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha;
|
|
(d)
|
cinneadh a dhéanamh maidir le tús áite a thabhairt d’acmhainní agus iad a leithdháileadh chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus cosc a chur ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe gan a bheith á gcur chun feidhme agus a bheith á seachaint;
|
|
(e)
|
a áirithiú go ndéanfar rialacha iomchuí a tharraingt suas le haghaidh gach earnála nó réimse, de réir na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta;
|
|
(f)
|
faisnéis iomchuí a chur ar fáil go pras d’údaráis inniúla agus d’eintitis faoi oibleagáid chun a measúnuithe riosca féin ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a éascú chomh maith leis an measúnú ar na rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/… chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.
|
Sa mheasúnú riosca náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit cur síos ar struchtúr institiúideach agus ar nósanna imeachta ginearálta a gcóras AML/CFT, lena n-áirítear, an FIU, údaráis chánach agus ionchúisitheoirí, na sásraí le haghaidh comhar le contrapháirtithe laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha, chomh maith leis na hacmhainní daonna agus airgeadais a leithdháiltear, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|