3. Is ar an FIU a bheidh an fhreagracht torthaí a chuid anailísí agus aon fhaisnéis bhreise a scaipeadh ar údaráis inniúla ábhartha i gcás ina bhfuil forais ann lena cheapadh go bhféadfadh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a bheith ar siúl. Beidh sé in ann faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid.
Is é a bheidh i bhfeidhm anailíse airgeadais an FIU an méid seo a leanas:
|
(a)
|
anailís oibríochtúil lena ndírítear ar chásanna aonair agus ar spriocanna sonracha nó ar fhaisnéis iomchuí roghnaithe, agus tosaíocht á tabhairt di ar bhonn riosca, agus ar bhonn shaghas agus mhéid na nochtaí agus ar an úsáid a mheastar a bhainfear as an bhfaisnéis tar éis a scaipthe;
|
|
(b)
|
anailís straitéiseach lena dtugtar aghaidh ar threochtaí agus ar phatrúin an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus a n-éabhlóid.
|