|
+Airteagal 19 Toirmeasc ar fhrithbheart |
Airteagal 19 Toirmeasc ar fhrithbheartAirteagal 19 Toirmeasc ar fhrithbheart Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gach cineál frithbhirt i gcoinne na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4 a thoirmeasc, lena n-áirítear bagairtí frithbhirt agus iarrachtaí ar fhrithbheart lena n-áirítear go háirithe na cineálacha frithbhirt seo a leanas:
(a)
fionraí, leagan as, dífhostú nó bearta comhionanna;
(b)
ísliú céime, nó ardú céime a choimeád siar;
(c)
dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá, uaireanta oibre a athrú;
(d)
oiliúint a choimeád siar;
(e)
measúnú diúltach maidir le feidhmíocht nó teistiméireacht dhiúltach fostaíochta;
(f)
aon bheart araíonachta, iomardú nó pionós eile a fhorchur nó a riar, lena n-áirítear pionós airgeadais;
(g)
comhéigean, imeaglú, ciapadh nó dúdhiúltú;
(h)
idirdhealú, cóir mhíbhuntáisteach nó éagórach;
(i)
mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a aistriú ina cheann buan, i gcás ina raibh ionchais dhlisteanacha ag an oibrí go dtairgfí fostaíocht bhuan dó nó di;
(j)
mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a athnuachan nó é a fhoirceannadh go luath;
(k)
damáiste, lena n-áirítear damáiste do chlú an duine, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, lena n-áirítear caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim;
(l)
dúliostáil ar bhonn comhaontú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó an tionscail, a d’fhéadfadh a fhágáil nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;
(m)
foirceannadh luath nó cealú conartha le haghaidh earraí nó seirbhísí;
(n)
ceadúnas nó cead a chealú;
(o)
atreorú síciatrach nó leighis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|